Cór

Cór

Is í M. Margaret a mhúineann Cór na Scoile. Glacann ár gcór páirt gach bliain i bhFéile Cheoil an Inbhir Mhóir agus ullmhaíonn siad ceol an Aifrinn gach bliain freisin don Chéad Comaoineach agus don Chóineartú. Is iad Ranganna 3 - 6 a chanann sa chór. Beidh an cleachtadh don Fhéile Cheoil ar siúl le M. Margaret & M.Caroline sa seomra breise ar a 11:00 gach Céadaoin.

Roimhe sin, gach Céadaoin ar a 10:00, beidh Cór na Scoile ag cleachtadh don Chóineartú. Sa chás seo áfach, ní bheidh Rang 5 nó Rang 6 páirteach sa chleachtadh sin, mar go mbeidh siad gnóthach ar lá an Chóineartaithe. Mar sin beidh an scoil ag braith go mór ar na páistí ó Rang 3 & Rang 4 cór láidir a dhéanamh chun ceol álainn a chur ar fáil don lá mór.

Tá súil againn go mbaineann gach éinne sa Chór tairbhe agus taitneamh as agus táimid lán-chinnte go ndéanfaidh gach duine acu a ndícheall ar son na scoile agus ar son a chéile.

CórScoile2020.jpg

M. Margaret teaches the School Choir. Our choir participates every year in the Arklow Music Festival and they also prepare music for the masses every year for First Communion and Confirmation. It is Rang 3 - Rang 6 that sing in the choir. The preparations for the Arklow Music Festival will take place with M.Margaret and M.Caroline every Wednesday at 11:00 in the spare room, every Wednesday.

Before that, every Wednesday at 10:00, the School Choir will practise for the Confirmation. In this case however, neither Rang 5 nor Rang 6 will participate in these classes, as they will be otherwise engaged on Confirmation day. Therefore, the school will be relying heavily on the children from Rang 3 & Rang 4 to provide a strong choir to ensure we have lovely singing for the big day.

We hope that everyone in the Choir enjoys and benefits from all the hard work and we are certain that they will all do the school and themselves proud.

Feabh
03 2025
Lá 'le Bríde
Feabh
20 2025
Briseadh méan-téarma
Már
17 2025
Lá 'le Pádraig
Aib
11 2025
Leath-lá na Cásca
Aib
14 2025
Saoire na Cásca
14-Samh-2024
Thug Niall ó Drum Nature cuairt orainn ar an Déardaoin agus ar an Aoine chun ceardlann drumadóireachta a dhéanamh leis na ranganna ar fad. Ba dheas an rud é fáilte a fhearadh roimhe arís i mbliana mar is fada ó bhí sé linn. Bhain na daltaí ar fad an-
08-Samh-2024
Mar atá déanta againn le roinnt blianta anuas beimid ag tacú arís leis an gcumann áitiúil - East Coast Roosters Motorcycle Club - atá ag eagrú bailiúchán mar is gnáth dóibhsean gan dídean i scoileanna an bhaile.
25-D.Fómh-2024
Bhí ár bhfoireann lúthchleasaíochta i mbun comórtais an tseachtain seo in Abhainn Dála (ar an Mháirt) agus chuireadar tús rathúil leis an mbliain romhainn. Ranganna 3 -6 a bhí san iomaíocht idir buachaillí agus cailíní a bhí ag rith ar son na scoile.
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2025 Gaelscoil an Inbhir Mhóir