Lá Rathúil eile in Abhainn Dala

Bhí ár bhfoireann lúthchleasaíochta i mbun comórtais an tseachtain seo in Abhainn Dála (ar an Mháirt) agus chuireadar tús rathúil leis an mbliain romhainn. Ranganna 3 -6 a bhí san iomaíocht idir buachaillí agus cailíní a bhí ag rith ar son na scoile.
25-Deireadh Fómhair-24
Lá Rathúil eile in Abhainn Dala

Bhí ár bhfoireann lúthchleasaíochta i mbun comórtais an tseachtain seo in Abhainn Dála (ar an Mháirt) agus chuireadar tús rathúil leis an mbliain romhainn. Ranganna 3 -6 a bhí san iomaíocht idir buachaillí agus cailíní a bhí ag rith ar son na scoile. Bhaineadar uile an-sult as an lá agus ar deireadh d'éirigh linn roinnt boinn a bhreith linn, idir boinn aonair agus boinn foirne. Comhghairdeas libh ar fad!

Caithfimid ár mbuíochas a ghabháil le Susan Dixon as ucht an traenáil ar fad, agus le M.Aoife, M.Laura & M.Susan as ucht an lá a eagrú agus as ucht a bheith ann leo chun iad a ghríosadh agus a spreagadh. Maith sibh ar fad. Caithfimid buíochas freisin a ghabháil lenár dtuismitheoirí ar fad a thugann tacaíocht don scoil leis an síntiús clainne. Gan an t-airgead sin, ní bheadh airgead ann chun íoc as na busanna nó na táillí do na comórtais seo. Táimid agus na daltaí fíorbhuíoch díbh uilig.

Mar a bhí anuraidh, tá lúthchleasaithe cumasacha sa scoil againn agus táimid cinnte nach hé seo an t-aon bua a bheirfear ar son na scoile i mbliana - An Ghaelscoil abú!

Our Athletics team took to the field this week in Avondale (on Tuesday) and they had a successful start to the year. There were boys teams and girls teams from all the senior classes in action, from Rang 3 - Rang 6. They all thoroughly enjoyed their day and in the end they managed to bring home lots of medals, both in indiviual and in team competitions. Congratulations to everyone!

We must thank Susan Dixon for all her work preparing the athletes, and M.Aoife, M.Laura and M.Susan for organising the day and for being there with the pupils to drive them onwards to victory. Well done all. We must also express our gratitude to all the parents who support the school with the family contributions. Without those contributions, there would be no money to pay for the buses and for the fees for competitions like this. We are extremely grateful for all your support.

As was the case last year, we have some very talented athletes in our midst and we are certain that this will not be the only victory we win this year - An Ghaelscoil abú!

Bealt
05 2025
Lá Saoire Bealtaine
Bealt
06 2025
Lá Oiliúna Foirne
Bealt
08 2025
Trialacha Caighdeánaithe
Meith
02 2025
Briseadh méan-téarma
Meith
09 2025
Food Dudes
04-Aib-2025
I ndiaidh ár nAonach Bácala eagraithe ag Coiste na dTuistí ag deireadh na míosa seo caite bhí bronnadh seic againn ar maidin chun an t-airgead ar fad a bhailíodh thahairt do Leo ...
04-Aib-2025
Glacann an scoil páirt chuile bhliain sa chomórtas Eason's Spelling Bee agus roghnaímid an litreoir is fearr chun geansaí na scoile a chaitheamh i gcomórtas an chontae.  Rinneamar babhtaí cáilithe i Rang 5 agus Rang 6 agus ...
24-Már-2025
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach éinne a thacaigh leis an Aonach Bácála ar an Aoine seo caite.  Bhí lá iontach againn agus cuireadh ionadh orainn an oiread sin rudaí milse a bheith seolta isteach ar an lá féin.
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2025 Gaelscoil an Inbhir Mhóir