Gaeilgeoir na Seachtaine.

Don chéad uair le dhá bhliain anuas, d'éirigh linn Gaeilgeoir na Seachtaine a bhronnadh ar na Gaeilgeoirí is díograisí sa scoil, os comhair na scoile uilig ar an gclós.  Bhí ríméad orainn gach duine a fheiceáil bailithe le chéile don chéad uair ó thú
27-Márta-22
Gaeilgeoir na Seachtaine.

Don chéad uair le dhá bhliain anuas, d'éirigh linn Gaeilgeoir na Seachtaine a bhronnadh ar na Gaeilgeoirí is díograisí sa scoil, os comhair na scoile uilig ar an gclós. Bhí ríméad orainn gach duine a fheiceáil bailithe le chéile don chéad uair ó thús na paindéime agus ba ardú meanma dúinn uile ceiliúradh ceart a dhéanamh ar dhea-iarrachtaí na Gaeilgeoirí an tseachtain seo.

Ba dheas dúinn filleadh ar na sean-nósanna a mhair le os cionn fiche bliain agus thacaigh an aimsir fiú linn ar an lá!

Táimid uile lán-sásta slán a fhágáil leis an Zoom pé scéal!

Treise le na buaiteoirí ar fad an tseachtain seo agus táimid ag súil le roinnt laethanta grianmhara eile amach anseo sna míonna romhainn.

For the first time in two years we were able to hold our Gaeilgeoir na Seachtaine ceremony to award the most diligent Gaeilgeoirí this week together as a school on the clós. We were all delighted to be able to gather together for the first time since the start of the pandemic and it really raised everyone's spirits to be able to properly celebrate the efforts of our Gaeilgeoirí this week.

It was great to return to our traditional events that served us so well for over twenty years and even the weather smiled on us on the day!

We're all happy to see the end of the Zoom at any rate!

Congratulations to all this week's winner and we are looking foward to many more sunny celebrations in the weeks and months ahead.

Bealt
08 2025
Trialacha Caighdeánaithe
Meith
02 2025
Briseadh méan-téarma
Meith
09 2025
Food Dudes
04-Aib-2025
I ndiaidh ár nAonach Bácala eagraithe ag Coiste na dTuistí ag deireadh na míosa seo caite bhí bronnadh seic againn ar maidin chun an t-airgead ar fad a bhailíodh thahairt do Leo ...
04-Aib-2025
Glacann an scoil páirt chuile bhliain sa chomórtas Eason's Spelling Bee agus roghnaímid an litreoir is fearr chun geansaí na scoile a chaitheamh i gcomórtas an chontae.  Rinneamar babhtaí cáilithe i Rang 5 agus Rang 6 agus ...
24-Már-2025
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach éinne a thacaigh leis an Aonach Bácála ar an Aoine seo caite.  Bhí lá iontach againn agus cuireadh ionadh orainn an oiread sin rudaí milse a bheith seolta isteach ar an lá féin.
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2025 Gaelscoil an Inbhir Mhóir