Scoileanna Ildánacha

Scoileanna Ildánacha

Tá bua na healaíne ionainn uile, pé riocht atá air. Uaireanta breathnaítear air mar rud deas agus uaireanta eile is cúis inspioráide atá ann. Is minic gur mar thobar domhain ár gcultúr agus ár dtraidisiúin a chaitear le healaíon ach do dhaoine áirithe is foinse bunúsach atá ann nach bhféadfaidís maireachtáil ina uireasa.

Is ábhar lúcháire mar sin dúinn go bhfuil ár scoil roghnaithe i mbliana chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh Scoileanna Ildánacha, maoinithe ag an gComhairle Ealaíon, Éire Ildánach agus An Roinn Oideachais. Tugann an físeán gearr seo léargas ginearálta ar Scoileanna Ildánacha.

Tá Laura Ní Fhlaibhín ceaptha mar Chomhpháirtí Cruthaitheach na scoile agus táimid ríméadach M.Laura a fháiltiú ar ais chugainn. Táimid ag tnúth go mór leis an léiriú is leithne ar lorg na n-ealaíon a dhéanamh faoina stiúir sna míonna agus sna blianta romhainn.

Chun tús a chur leis an bpróiseas táimid ag iarraidh tuiscint a fháil ar staid, suimeanna agus mianta na scoile ó thaobh na n-ealaíon de agus tá M.Laura i ndiaidh tuairimí a bhailiú ón bhfoireann chuige sin. Tá sé in am anois bhur dtuairimí a bhailiú agus mar sin ba mhór againn é dá bhféadfadh sibh an ceistneoir gearr thíos a chomhlánú chun muid a chur ar an eolas faoi do smaointí cruthaitheacha.

https://www.surveymonkey.com/r/YCP5WV8

Everyone can excel in art in at least one of its many forms. While some see it as something nice to have, others are inspired by it. To some, it is something that depicts culture and tradition, yet to others art is vital everyday service which they can’t imagine living without.

We are delighted therefore that our school has been selected this year to take part in the Creative Schools initiative, funded by The Arts Council of Ireland, Creative Ireland and the Department of Education. This short video gives an overview of Creative Schools.

Laura Ní Fhlaibhín has been appointed as the school's Creative Associate and we are excited to welcome M.Laura back to us. We are looking forward to exploring the full range of artistic expression under her guidance in the coming months and years.

To start the process will want to develop an understanding of the current state, the interests and the preferences from the artistic perspective in the school and M.Laura has consulted with the staff for that purpose. It is now time to collect your views and for that reason we would be delighted if you could take some time to fill in the short questionnaire below to give us more information on your creative ideas.

https://www.surveymonkey.com/r/YCP5WV8

Már
31 2023
Saoire na Cásca (Leathlá)
Bealt
01 2023
Lá Saoire Poiblí (Lá Buí Bealtaine)
Meith
05 2023
Lá Saoire Poiblí
15-Már-2023
Táimid ag súil go mór leis an gceiliúradh ar an Aoine agus tá súil againn go mbainfidh sibh uile sult as an lá. Feicfimid gach duine ar ais ar scoil ar an Luan!
09-Már-2023
Tar éis dhá bhliain iomlán ina tost, tá ceolteoirí, aisteoirí, seinnteoirí agus cainteoirí an Inbhir Mhóir ina bheathaigh arís le filleadh na Féile ar scoileanna an bhaile agus an cheantair maguaird. Mar ba ghnách linn i gcónaí ...
28-Feabh-2023
Bhí lá rathúil eile ag foireann lúthchleasaíochta na scoile in Abhainn Dála agus d'éirigh leo roinn boinn a bhreith leo. Bhain an fhoireann ar fad an-taitneamh as an iomaíocht agus tá siad uilig ag tnúth go mór leis an gcéad lá eile i Mí Bealtaine.
08-Noll-2022
Roinnt blianta ó shin bhuaigh Rang dár gcuid an duais i gcomórtas Junior Entrepreneur Programme (JEP) le dearadh cluiche boird - Mairseáil na Léarscáile. Tá an rang sin imithe ar aghaidh anois ar an mheánscoil cé go raibh roinnt acu ar ais linn le
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2023 Gaelscoil an Inbhir Mhóir