Tús maith leath na hoibre.

I ndiaidh an tréimhse fada a chaitheamar uile sa bhaile, ba bhreá an rud dúinn filleadh chun scoile an tseachtain seo caite, agus measaimid gur sona sásta atá gach duine bheith ar ais. Is aoibhinn linn spraoi na bpáistí a ...
09-Meán Fómhair-20
Tús maith leath na hoibre.

I ndiaidh an tréimhse fada a chaitheamar uile sa bhaile, ba bhreá an rud dúinn filleadh chun scoile an tseachtain seo caite, agus measaimid gur sona sásta atá gach duine bheith ar ais. Is aoibhinn linn spraoi na bpáistí a chlos arís sna ranganna agus ar an gclós agus tá súil againn go bhfuil gach duine ag dul i dtaithí ar na hathruithe ar fad a bhí orainn a dhéanamh ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht páistí, a dtuistí agus an fhoireann.

Táimid fíorbhuíoch díbh as ucht glacadh leis na hathruithe ar fad agus molaimid sibh as ucht an deá-sampla atá á léiriú agaibh do na páistí. Tá ag éirí go breá linn na daltaí go léir a thógáil isteach ar 9:05 gach maidin agus tá an córas ag am dul abhaile ag obair freisin. Tá gá áfach le meabhrúcháin a thabhairt faoin méid seo a leanas.

  1. Níl cead ag tuistí laistigh de gheataí na scoile ar maidin ach amháin an ceithre rang naíonáin.
  2. Níl cead riamh carr a phairceáil i lána an bhus, maidin nó tráthnóna.
  3. Níl cead ag tuistí laistigh de gheataí na scoile tráthnóna ach amháin Rang 1 & Rang 2.
  4. Má tá tú ag iarraidh labhairt le múinteoir, caithfear coinne a dhéanamh leis an oifig ag 0402 39199 nó oifig@gaelscoilim.ie

Tá súil againn go bhfuil na daltaí go léir socraithe ar ais linn agus imithe i dtaithí ar na cur chuigí nua. Go raibh maith agaibh uile as ucht bhur gcuid tuisceana agus bhur gcuid tacaíochta.

After the long period of enforced staying at home, it was a great feeling to return to school last week and we think that everyone is delighted to be back. It is wonderful to hear the children's laughter in the classrooms and on the clós again and we hope that everyone is getting used to all the changes we had to implement in the interests of keeping the children, parents and the staff safe and healthy.

We are very grateful to you all for adapting to all these changes and we acknowledge the fine example you are all setting for the children. The new intake procedures at 9:05 in the mornings are working well and the new procedures at going home time are working too. It is necessary however to remind people of the following.

  1. Parents are not allowed beyond the school gates in the morning apart from the four infants classes..
  2. People should never park in the bus lanes, mornings or afternoons.
  3. Parents are not allowed beyond the school gates in the afternoons, apart from Rang 1 & Rang 2.
  4. If you wish to speak to a múinteoir, you must make an appointment with the oifig at 0402 39199 or oifig@gaelscoilim.ie

We hope that the pupils are all settling in to school again and that they will all grow accustomed to the new arrangements in no time. We thank you all for your support and understanding.

No events found
23-D.Fómh-2020
Ghlac roinnt dár ndaltaí páirt sa chomórtas 'Social Inclusion Week 2020' curtha ar siúl ag AISW (Africa Ireland Society Wicklow) le déanaí agus bhí roinnt buaiteoirí againn. Tá roinnt d'obair na ndaltaí le feiceáil thíos sa ...
16-D.Fómh-2020
Tá sé am anois a bheith ag smaoineamh ar cheiliúradh Oíche Shamhna san am aisteach ina mairimid faoi láthair. Dar ndóigh ní féidir leanúint le na gnáth-nósanna a bhí againn le blianta, ach mar sin féin, measaimid go bhfuil sé ...
09-D.Fómh-2020
Tá na cruinnithe tuistí / múinteoirí ar fáil anois ar Aladdin Connect más mian le tuistí am a oireann dóibh féin a chur in áirithe. Faraor, beidh athrú i mbliana de bharr an Covid-19. Ní bheimid in ann na cruinnithe seo a ...
12-M.Fómh-2020
Tá fógraí crochta ag an gclub ag rá nach bhfuil cead madraí a bheith ar shuíomh na scoile ar bhonn sláinte agus sábháilteachta. Dár ndóigh is eisceacht iad madraí cúnta. Ba mhór linn bhur gcomhoibriú maidir le seo.
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2020 Gaelscoil an Inbhir Mhóir