Tom Larkin R.I.P.

07-Iúil-21

Is oth linn a chur in iúl daoibh go bhfuair ball foirne na scoile, ár bhfeighlí Tom Larkin, bás inné tar éis timpiste ar an Luan. Táimid uile croíbhriste faoina chailliúint agus táimid ag cuimhneamh anois ar mhuintir Tom, a bhean chéile Gillian agus a bpáistí.

Fear lách, uasal, croíúil agus cairdiúil ab ea Tom a d’oibrigh le dúthracht agus le díograis aire a thabhairt don scoil agus don fhoireann ar fad le blianta fada. Ní raibh aon jab róbheag nó rómhór dó agus chuir sé go mór le spiorad agus atmaisféar na scoile. Aireoimid uainn go mór é.

We regret to inform you that the school has experienced the sudden death of one of our members of staff, our caretaker Tom Larkin after an accident on Monday. We are deeply saddened by his passing and our thoughts are with Tom’s family, his wife Gillian and their children at this difficult time.

Tom was a kind, cheerful and friendly colleague who worked with dedication and diligence for the school and all of our staff for many years. No job was too big nor too small for Tom and he contributed greatly to the spirit and the atmosphere around the school. He will be deeply missed by us all.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.

D.Fómh
31 2022
Briseadh Meán Téarma na Samhna
Noll
21 2022
Saoire na Nollag
Feabh
06 2023
Lá Saoire Poiblí
Feabh
13 2023
Briseadh Meán Téarma
Már
16 2023
Saoire Lá 'le Pádraig
27-M.Fómh-2022
Tá éacht déanta arís ag daltaí na Gaelscoile i gcomórtais tras-tíre in Abhainn Dála inné.  Bhí buachaillí agus cailíní ó Rang 3 go Rang 6 ag rith i rásanna sealaíochta i gcoinne scoileanna eile an chontae.  Bhí os cionn 20 foireann ag rith ...
20-M.Fómh-2022
Seo meabhrúchán faoi chruinniú Choiste na dTuistí a bheidh ar siúl ar 20:00 anocht, i Seomra na Deilfe (Rang 5 M.Aoife).  Tá ról lárnach ag coiste na dtuistí i saol na scoile agus molaimid go mór go mbeadh tuistmitheoir amháin i láthair ó gach clann
20-M.Fómh-2022
Beidh Zeeko ar tabhairt cuairte ar ranganna 4, 5 agus 6 i gceann cúpla seachtaine chun obair a dhéanamh maidir le sábháilteacht ar-líne. Tháinig siad chugainn an cúpla bliain ó shin agus bhaineamar an-tairbhe as a gcomhairle.
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2022 Gaelscoil an Inbhir Mhóir