Scoile Dhigiteach na hEorpa - Digital School of Distinction

Bhí ríméad orainn ar an Aoine gradam Digital School of Distinction a bhaint amach agus bhí ócáid bheag againn sa scoil chun an éacht seo a cheiliúradh. Tháinig roinnt ionadaithe poiblí chugainn chun obair na bpáistí a fheiceáil agus chun ...
13-Meitheamh-22
Scoile Dhigiteach na hEorpa - Digital School of Distinction

Bhí ríméad orainn ar an Aoine gradam Digital School of Distinction a bhaint amach agus bhí ócáid bheag againn sa scoil chun an éacht seo a cheiliúradh. Tháinig roinnt ionadaithe poiblí chugainn chun obair na bpáistí a fheiceáil agus chun an bronnadh na plaice agus na brataí a dhéanamh linn.

Thainig an Dr. Daithí Ó Murchú agus Kajsa Kinsella chugainn ó Ionad Oideachais Átha Cliath Thiar, an ionad a dhéanann riaradh ar an gclár seo in Éirinn thar ceann an Choimisiún Eorpaigh, agus thug Daithí óráid spreagúil spéisiúil dúinn ar fad.

Táimid fíorbhuíoch do na comhairleoirí áitiúla Sylvester Bourke, Peir Leonard agus Pat Fitzgerald as ucht teacht ar an lá agus tá buíochas ar leith ag dul don Teachta Dála Jennifer Whitmore a bhronn an gradam go hoifigiúil orainn.

Tá súil againn anois brú ar aghaidh le forbairt ar chumas ár scoile teicneolaíocht agus áiseanna digiteacha a úsáid chun leasa na ndaltaí agus na múinteoirí agus muid i mbun múineadh agus foghlaim sna blianta amach romhainn.

We were delighted on Friday to receive the Digital School of Europe award and we held a small event in the school to mark the ocassion. Many local public representatives came on the day to see the children's work and to award the plaque and the flag.

Dr Daithí Ó Murchú and Kajsa Kinsella came from the Dublin West Education Centre, the body that manages this programme in Ireland on behalf of the European Commission and Daithí delivered and interesting and inspiring address.

We are very grateful to our local councillors Sylvester Bourke, Peir Leondard and Pat Fitzgerald for coming on the day and we especially appreciate our Teachta Dála jennifer Whitmore who formally presented us with the plaque.

We hope now to push ahead with the development of our schools capabilities to use technology and digital media to be benefit of our pupils and teachers in the work of teaching and learning in the years ahead.

DSC06484.jpg

Már
31 2023
Saoire na Cásca (Leathlá)
Bealt
01 2023
Lá Saoire Poiblí (Lá Buí Bealtaine)
Meith
05 2023
Lá Saoire Poiblí
15-Már-2023
Táimid ag súil go mór leis an gceiliúradh ar an Aoine agus tá súil againn go mbainfidh sibh uile sult as an lá. Feicfimid gach duine ar ais ar scoil ar an Luan!
09-Már-2023
Tar éis dhá bhliain iomlán ina tost, tá ceolteoirí, aisteoirí, seinnteoirí agus cainteoirí an Inbhir Mhóir ina bheathaigh arís le filleadh na Féile ar scoileanna an bhaile agus an cheantair maguaird. Mar ba ghnách linn i gcónaí ...
28-Feabh-2023
Bhí lá rathúil eile ag foireann lúthchleasaíochta na scoile in Abhainn Dála agus d'éirigh leo roinn boinn a bhreith leo. Bhain an fhoireann ar fad an-taitneamh as an iomaíocht agus tá siad uilig ag tnúth go mór leis an gcéad lá eile i Mí Bealtaine.
08-Noll-2022
Roinnt blianta ó shin bhuaigh Rang dár gcuid an duais i gcomórtas Junior Entrepreneur Programme (JEP) le dearadh cluiche boird - Mairseáil na Léarscáile. Tá an rang sin imithe ar aghaidh anois ar an mheánscoil cé go raibh roinnt acu ar ais linn le
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2023 Gaelscoil an Inbhir Mhóir