Rith Tras-tíre Abhainn Dála - Avondale Cross Country

Tá éacht déanta arís ag daltaí na Gaelscoile i gcomórtais tras-tíre in Abhainn Dála inné.  Bhí buachaillí agus cailíní ó Rang 3 go Rang 6 ag rith i rásanna sealaíochta i gcoinne scoileanna eile an chontae.  Bhí os cionn 20 foireann ag rith ...
27-Meán Fómhair-22
Rith Tras-tíre Abhainn Dála - Avondale Cross Country

Tá éacht déanta arís ag daltaí na Gaelscoile i gcomórtais tras-tíre in Abhainn Dála inné. Bhí buachaillí agus cailíní ó Rang 3 go Rang 6 ag rith i rásanna sealaíochta i gcoinne scoileanna eile an chontae. Bhí os cionn 20 foireann ag rith i gcuid de na rásanna agus bhí ár ndaltaí thar a bheith iomaíoch. Ar deireadh d'éirigh le foireann na Gaelscoile 5 bhonn ar fad a bhuachaint.

Bhain cailíní rang 3 an chéad áit amach ina rás. Maith sibh Shenna, Allie, Chloe & Jodi. D'éirigh le cailíní Rang 4 an tríú áit a bhaint amach freisin. Maith sibh Aoife, Freya, Jessica & Fíadh. Thóg buachaillí Rang 4 céim níos faide agus bheir siad leo an dara háit. Comhghairdeas le Caoimhín, Keelan, James & Carter. Tháinig Cailíní Rang 6 sa dara háit freisin agus is iad Lily Jo, Sophie Katie agus Layla a rinne an beart. Sa rás deiridh ansin bhain buachaillí Rang 6 an tríú áit amach. Maith sibh Cian, Ethan, Rayco agus Fionnán.

Bhí lá iontach againn agus táimid ag tnúth leis an gcéad lá eile cheana féin. Caithfimid ár míle buíochas a ghabháil le Susan Dixon agus Jacqueline Heaney as ucht an traenála ar fad a rinne siad leis na daltaí, agus le M.Aoife agus M.Kirsten as ucht teacht linn ar an lá. Ár mbuíochas freisin don tacaíocht a thagann ó thuistí na scoile chuile bhliain - rud a d'íoc as na geansaithe agus as an bus agus as míle rudaí beaga eile. Gan an tacaíocht seo, ní bheadh an deis ag na lúthchleasaithe seo a gcumais a léiriú os comhair scoileanna an chontae. Maith sibh uilig!

The pupils of the Gaelscoil had a run-away success in the Cross Country races in Avondale yesterday. Boys and girls from Rang 3 to Rang 6 were running in relays against other school from across the county. There were more than 20 teams running in some of the races and our pupils were extremely competetive. In the end the Gaelscoil's team managed to bring home 5 medals.

The girls in Rang 3 finished first place in their race. Well done Shenna, Allie, Chloe and Jodi. The girls in Rang 4 finished third - so maith sibh Aoife, Freya, Jessica & Fíadh. The boys in Rang 4 went one better and took second place in their race. Congratulations to Caoimhín, Keelan, James and Carter. The girls in Rang 6 also finished second and it was Lily Jo, Sophie, Katie and Layla that took the honours there. In the final race the boys in Rang 6 finished in third place. Well done Cian, Ethan, Rayco & Fionnán.

We all had a great day and are already looking forward to the next outing. We must thank Susan Dixon and Jacqueline Heaney for all their hard work preparing the teams and M.Aoife and M.Kirsten who came with us on the day. We also thank all the support we get from the parents every year which ultimately pays for the jersey, the buses and all the other things that go into a day like today. Without all this support, these wonderful athletes would not have had the chance to show their talents before the whole country. Thanks to everyone.

Már
25 2024
Saoire na Cásca
Bealt
06 2024
Briseadh Meán-téarma
Bealt
14 2024
Trialacha Caighdeánaithe
14-Már-2024
Bhí bliain thar a bheith rathúil againn sa Féile Ceoil agus ghlac gach uile rang páirt i gcomórtais ranga agus dar ndóigh ghlac an-chuid dár ndaltaí páirt sna comórtais aonair chomh maith ...
23-Feabh-2024
Bhí ár bhfoireann fichille san iomaíocht an tseachtain seo i mBaile Chill Mhantáin agus d'éirigh thar cionn leo ar fad. Is tortha é seo ar a gcuid dian-oibre agus ar dhian oibre M.Caroline & M.Kieran atá i ndiaidh ...
21-Noll-2023
Bhí maidin álainn againn in ainneoin na gaoithe agus rinne na ranganna ar fad éacht ag seinm agus ag canadh do na tuistí ar fad.  Tá súil againn gur bhain na tuistí ar fad taitneamh as a n-iarrachtaí.  Tháinig an fear mór díreach in am agus ...
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2024 Gaelscoil an Inbhir Mhóir