Post le Fógairt - Job Vacancy

Tugtar cuireadh d'iarrthóirí iarratas a sheoladh ag cur isteach ar phost mar fheighlí i nGaelscoil an Inbhir Mhóir. Cé nach bhfuil siad riachtanach, bheadh buntáiste acu siúd le Gaeilge agus le taithí acu ag obair i dtimpeallacht scoile nó i dtimpeal
25-Márta-22
Post le Fógairt - Job Vacancy

Tugtar cuireadh d'iarrthóirí iarratas a sheoladh ag cur isteach ar phost mar fheighlí i nGaelscoil an Inbhir Mhóir. Cé nach bhfuil siad riachtanach, bheadh buntáiste acu siúd le Gaeilge agus le taithí acu ag obair i dtimpeallacht scoile nó i dtimpeallacht den saghas seo.

Is post páirt-aimseartha atá i gceist sa ról seo ina mbeidh 18 uair in aghaidh na seachtaine le déanamh.

I measc na dualgais a d'fhéadfadh a bheith i gceist tá

  • Aire a thabhairt d'áitreabh, troscán, trealamh agus feistis na scoile agus iad a chothú.

  • An scoil a athphéinteáil agus í a athchóiriú de réir mar is gá.

  • Díonta, gáitléaraigh agus draein a chothú agus a dheisiú mar is gá.

  • Eochracha gach seomra san fhoirgneamh a choinneáil slán le cinntiú nach bhfuil rochtain ag aon duine neamhúdaraithe ar an bhfoirgneamh.

  • Gloine bhriste/fuinneoga ar gá iad a dheisiú láithreach.

  • Aon rud a d'fhéadfadh sé dochar a dhéanamh do shláinte, do shábháilteacht agus do leas na ndaltaí a thuairisciú agus é a dheisiú.

  • Gach trealamh leictreach a sheiceáil maidir le feistis scaoilte, cáblaí sceite srl.

  • Fearas ranga a chrochadh nó a chur le chéile do na múinteoirí sna seomraí ranga.

Tá fáilte roimh iarratais nó fiosrúcháin go eolas@gaelscoilim.ie nó 0402 39199.

'Sé spriocdháta d'iarratais le litir iarratais ar an bhfolúntas seo ná 8 Aibreán.

Applicants are invited to apply for a role as a caretaker in Gaelscoil an Inbhir Mhóir. While it is not a requirement, candidates with Gaeilge and with experience working in a school or similar environment will be at an advantage.

This is a part-time role in which 18 hours per week will be required.

Amongst the duties that might be required are

  • Care and maintenance of the school's site, furniture, equipment and filltings.

  • Painting and renovation of the school as required.

  • Rooves, guttering and drains to the maintained and repaired as required.

  • The safe keeping of keys to every room in the school to ensure no unauthorised access to the school buildings.

  • Repair of broken glass/windows as a matter of urgency.

  • To report anything that might present a risk to the health, safety and welfare of the pupils and to repair same.

  • Regular checking of electrical equipment for loose fittings, frayed cables etc.

  • Classroom equipment to be hung or assembled for the teachers.

Applications or enquiries are welcomed at eolas@gaelscoilim.ie or 0402 39199.

The deadline for applications by letter of application is 8 April.

Meith
12 2023
Traenáil Foirne - Scoil Dúnta - Staff Training
14-Bealt-2023
Tá seachtain na rothar buailte linn arís agus leis an feabhas san aimsir le déanaí, is deis iontach í na daltaí ar fad a spreagadh le teacht ar scoil ar rothair gach lá. Beidh Garda Pobail ag tabhairt cuairte orainn ar an Aoine beag seo ...
31-Már-2023
Tháinig coiníní Cásca chugainn aréir a bhuí le tuistí daltaí i rang 1 agus naíonáin mhóra, agus bhí ríméid ar na páistí ar fad an coinín seacláide a fháil roimh dul abhaile inniu dóibh. Ár mbuíochas le Mars Ireland agus tuistí Chloe agus Evan as uch
15-Már-2023
Táimid ag súil go mór leis an gceiliúradh ar an Aoine agus tá súil againn go mbainfidh sibh uile sult as an lá. Feicfimid gach duine ar ais ar scoil ar an Luan!
09-Már-2023
Tar éis dhá bhliain iomlán ina tost, tá ceolteoirí, aisteoirí, seinnteoirí agus cainteoirí an Inbhir Mhóir ina bheathaigh arís le filleadh na Féile ar scoileanna an bhaile agus an cheantair maguaird. Mar ba ghnách linn i gcónaí ...
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2023 Gaelscoil an Inbhir Mhóir