Peil & Iomáint i mBaile na Cille

Bhí lá dochreidte iontach ag na buachaillí ó Rang a 3 agus Rang a 4. Bhuaigh siad an comórtas ar fad ag tabhairt abhaile an corn don dara bhliain as a chéile.
17-Bealtaine-19
Peil & Iomáint i mBaile na Cille

Bhí lá dochreidte iontach ag na buachaillí ó Rang a 3 agus Rang a 4. Bhuaigh siad an comórtas ar fad ag tabhairt abhaile an corn don dara bhliain as a chéile.

Ba é Finn captaen don lá. Bhí sé an-láidir ar fad ag cosaint. Chabhraigh Fionn go mór leis an gcosaint. Bhí Leighton ag imirt mar chosantóir ach níor stop é sin é ag rith suas na páirce ag fáil roinnt scór.

Bhí Mark agus Naoise ar fheabhas i lár na páirce agus fuair siad go leor scór i rith an chomórtais. Bhí Jonathon, Aaron, Daniel, James agus Seán go hiontach chun tosaigh agus chabhraigh siad go mór leis an bhfoireann lena gcuid scór. Bhí Conor láidir sa chúl agus shábháil sé an fhoireann cúpla uair.

Bhí Jack agus Euan ar fheabhas nuair a bhí siad ar an bpáirc.

Comhghairdeachas daoibh a bhuachaillí!

Bhí an-lá freisin ag na buachaillí ó Rang a 5 agus Rang a 6 ag imirt iománaíochta leis an bhfoireann scoile. Ba é Cian R. captaen na foirne agus i rith na gcluichí ar fad, rinne sé an-iarracht. Rinne Tiernan agus Matthew sár-iarracht os comhair an chúil. Fuair an beirt acu dhá chúl. Bhí scileanna áille le feiceáil ó Thirnan ar an lá agus bhí Eric ar fheabhas chomh maith ag cabhrú leis an bhfoireann chun tosaigh.

Bhí Seán láidir sa chúl agus fuair sé go leor cabhrach ó na cosantóirí; Cian T, Jack agus Josh. D’éirigh go hiontach le Robert agus Aaron freisin agus iad ag imirt chun tosaigh agus ar chúl i rith an chomórtais.

Rinne Fenn agus Seosamh an-jab nuair a bhí an deis acu.

Féar plé do na buachaillí ar fad.

Ár mbuíochas le M.Pól agus M.Eoin as ucht na foirne a bhainistiú.

The boys from Rang a 3 and Rang a 4 had an unbelievable day. They won the competition and brought home the cup for the second year in a row.

Finn was the captain for the day. He was very strong when defending. Fionn helped the team with his great performances in defence. Leighton was also playing as a defender but that didn’t stop him from running up the pitch and getting some crucial scores.

Mark and Naoise were excellent in the middle of the pitch and got a lot of scores throughout the competition. Jonathon, Aaron, Daniel, James and Seán were fantastic up front and helped the team with their important scores. Conor Daly was very strong and consistent in goals and saved the team several times.

Jack and Euan were both brilliant when on the pitch.

The boys from Rang a 5 and Rang a 6 also had a great day playing hurling with the school team. Cian R was the school captain and made a great effort throughout all of the games. Tiernan and Matthew made an excellent effort in front of goals, both of them scoring two goals each. Tirnan showed off some lovely skills on the day and Eric Wright was also fantastic, helping out the team up front.

Seán was strong in the goal and got a lot of help from the defenders; Cian T, Jack and Josh. Robert and Aaron did great work too playing up front and in defence during the competition.

Fenn and Seosamh did a great job when they got the opportunity.

Fair play do na buachaillí ar fad.

Our thanks to M.Pól and M.Eoin for managing both teams.

No events found
14-Meith-2019
D'eagraigh M.Caroline comórtas fichille sa scoil an tseachtain seo agus d'imríodh na cluichí ar fad ar an Déardaoin agus ar an Aoine. Bhí slua mór d'iomaitheoirí ag glacadh páirte ó Ranganna 5 & 6.
14-Meith-2019
Bhí ár Lá Spóirt againn an tseachtain seo agus bhí lá iontach ag gach duine. Bhí an t-ádh dearg linn leis an aimsir, mar nach raibh lá tirim againn ó shin i leith! Ár míle mbuíochas le M.Pól ach go háirithe as ucht an lá a eagrú
30-Bealt-2019
Tá Coiste na dTuistí ag bailiú airgid ar son dalta na scoile, Sarah Ní Ghormáin, atá an-tinn thall i Meiriceá faoi láthair. Mar chuid dá n-iarrachtaí, beidh díolachán cístí acu sa seomra foirne amárach. Tá fáilte roimh chách!
24-Bealt-2019
Comhghairdeas leis na buaiteoirí ón gComórtas Ealaíne. Harry Dualta Catherine Leah Jack Faye Eibhlinn Diarmuid Muireann Ruby Aaron Kate Theo Well done to our winners from the Community Games Art Competition.
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2019 Gaelscoil an Inbhir Mhóir