Oireachtas na Samhna - Buaiteoir inár Measc

Bhí ríméad orainn a chloisteáil le déanaí gur bhain dalta dar gcuid, Anna Ní Airt atá i Rang 6 anois, duais náisiúnta i gcomórtas in Oireachtas na Samhna i mbliana. Scríobh agus dhear sí greannán dár teideal 'Arán go dtí Spás' agus is scéal eachtrúi
26-Samhain-21
Oireachtas na Samhna - Buaiteoir inár Measc

Bhí ríméad orainn a chloisteáil le déanaí gur bhain dalta dar gcuid, Anna Ní Airt atá i Rang 6 anois, duais náisiúnta i gcomórtas in Oireachtas na Samhna i mbliana. Scríobh agus dhear sí greannán dár teideal 'Arán go dtí Spás' agus is scéal eachtrúil, éachtúil, glic agus greannmhar atá cumtha aici. Comhghairdeachas leat a Anna agus míle buíochas le M.Aoife as na hiarrachtaí a rinne a rangsa anuraidh a chur isteach sa chomórtas seo.

Táimid ag tnúth go mór le saothar Anna a fheiceáil arís sna blianta romhainn agus táimid cinnte nach é seo a foilseachán deireanach.

Arán2.JPG

We were delighted to hear recently that one of our students, Anna Ní Airt who is now in Rang 6, won a national competition in Oireachtas na Samhna. She wrote and illustrated a comic 'Arán go dtí Spás' and it is an exciting adventure which is clever and hilarious in equal measure. Comhghairdeachas leat a Anna and our thanks also to M.Aoife who entered her classes work into this competition last year.

We are expecting big things from Anna in the years to come and are sure this will not be her last publication.

D.Fómh
30 2023
Briseadh meán-téarma na Samhna
Noll
22 2023
Saoire na Nollag
Feabh
05 2024
Saoire Lá 'le Bríde
Feabh
15 2024
Saoire Lá 'le Pádraig
20-M.Fómh-2023
Rinne Bord Bainsitíochta na scoile athbhreithniú aréir ar pholasaí agus ar ráiteas chonsanta leanaí agus ar ráiteas agus measúnú riosca um chumhdach leanaí na scoile agus tá na leaganacha reatha le feiceáil anois ar shuíomh na scoile ...
30-Meith-2023
Seo thíos nuachtlitir na bliana ag cur síos ar na himeachtaí ar fad a rinne na ranganna éagsúla i rith na bliana. Tá súil againn gur bhain na daltaí an oiread céanna taitneamh astu is ar bhain an fhoireann. Ár mbuíochas le M.Aoife as ucht an nuacht
29-Meith-2023
Tá deireadh na bliana sroichte againn ar deireadh agus ba bhliain iontach í. Beidh leath lá amárach againn agus beidh cead ag na daltaí a éadaí féin a chaitheamh.
28-Meith-2023
Bhí lá iontach ag an sorcas inniu againn agus bhain an scoil ar fad an-sult as an seó. Táimid thar a bheith buíoch as Colm agus n fhoireann ar fad i Sorcas Gerbola as a dtaispeántas draíochtúil, spraíúil, beomhar agus ceolmhar.
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2023 Gaelscoil an Inbhir Mhóir