Oíche na nGradam

Rinne Rang 6 ceiliúradh ar chríoch a dturas linn tráthnóna Dé Máirt ag tosú i Halla na Rocks agus ag críochnú ar an astró leis an gcluiche 'peile' traidisiúnta idir na páistí agus na múinteoirí/tuistí. Bhí oíche den scoth ag ...
26-Meitheamh-19
Oíche na nGradam

Rinne Rang 6 ceiliúradh ar chríoch a dturas linn tráthnóna Dé Máirt ag tosú i Halla na Rocks agus ag críochnú ar an astró leis an gcluiche 'peile' traidisiúnta idir na páistí agus na múinteoirí/tuistí. Bhí oíche den scoth ag gach duine agus ba dheas an ócáid é slán a fhágáil leis na ranganna iontacha seo.

20190625_183941.jpg

Caithfimid buíochas ar leith a ghabháil le M.Máire agus M.Emma as ucht Halla na Rocks a mhaisiú dúinn agus as ucht a gcuid dianoibre an oíche ar fad a eagrú. Ár mbuíochas freisin le Coiste na dTuistí a chabhraigh linn freastal ar an slua leis an tae, caifé, bia agus milseáin ar fad.

I ndiaidh an ócáid i Halla na Rocks, d'fhilleamar uile ar an astró chun ceacht a mhúineadh do na páistí bochta - an ceacht céanna atá faighte ag gach Rang 6 le fiche bliain anuas. Ná déan nós agus ná bris nós, mar a dheireann an seanfhocal.

Ar deireadh, agus gach duine imithe abhaile, ní raibh fágtha ach clós folamh ag dul faoi na gréine, ach tá súil againn gur fada a mhairfidh a dtréimhse sa Ghaelscoil i smaointe na ndaltaí iontacha seo.

20190625_215048.jpg

Rang 6 celebrated the end of their journey with us on Tuesday evening starting in the Rocks Hall and finishing on the astro with the traditional 'football' match between the children and the múinteoirí/parents. Everyone enjoyed a fantastic night and it was a lovely ocassion to send these wonderful classes off on their way.

We must thank M.Máire and M.Emma in particular for their preparation of the Rocks Hall and for all their hard work in organising the whole night. Our thanks also to Coiste na dTuistí who helped us cater for the crowd with teas. coffee, food and sweets.

After the event in the Rocks Hall it was off over to the astro to teach the poor children their final lesson - the same lesson that has been learned by all previous classes for twenty years now.

In the end, with everyone gone home, there was nothing left but an empty clós at sunset, but we hope that their days with us in the Gaelscoil will live long in the memories of these two wonderful classes.

Ean
28 2020
Zeeko - Sábháilteacht Ar-líne
Már
14 2020
Cóineartú 2020
17-Ean-2020
Bhí Glaoch na Gaelscoile réidh ag deireadh na bliana seo caite, ach leis an Nollaig agus gach a bhain leis, rinneadh dearmad é a fhoilsiú go hoifigiúil anseo. Ár leithscéal as seo ach seo dhaoibh anois é. Comhghairdeachas ...
17-Ean-2020
Tá iarscoláirí dár gcuid féin i ndiaidh féilire ar ardchaighdeán a fhorbairt le radhairc ón mbaile seo againne agus tá cóipeanna ar díol ó oifig na scoile ar €5 an ceann. Is maith linn tacaíocht a thabhairt dár n-iarscoláirí ...
10-Ean-2020
Tá Cór na Scoile tosaithe ar ais ar an gcleachtadh don bhliain mhór atá romhainn. Mar is gnáth, beidh páistí ó Rang 3 - Rang 6 ag glacadh páirte san Fhéile Cheoil arís i mbliana. Tá an comórtas ar siúl ar Domhnach 8 Márta ...
19-Noll-2019
Tháinig Daidí na Nollag chun cuairte orainn ar an Mháirt agus b'iontach do na leanaí bualadh leis ar scoil. Bhí na páistí go léir go hálainn ag canadh roimh ré agus bhain gach a raibh i láthair sult agus taitneamh as an gceol ...
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2020 Gaelscoil an Inbhir Mhóir