Oíche Chéimnithe Rang 6 - 21.08.20 - Rang 6 Graduation Night

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil na socraithe faoi lán seoil anois don oíche mhór ar an Aoine seo chugainn agus táimid ag tnúth go mór ar ndaltaí Rang 6 a fheiceáil chun a mblianta linn a cheiliúradh. Dar ndóigh beidh an ...
14-Lúnasa-20
Oíche Chéimnithe Rang 6 - 21.08.20 - Rang 6 Graduation Night

Faraor, leis na srianta is déanaí a fógraíodh aréir, tá an ócáid seo curtha ar ceal.

Unfortunately, in light of the latest restrictions announced last night, this event has been cancelled.

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil na socraithe faoi lán seoil anois don oíche mhór ar an Aoine seo chugainn agus táimid ag tnúth go mór ar ndaltaí Rang 6 a fheiceáil chun a mblianta linn a cheiliúradh. Dar ndóigh beidh an ócáid ar fad rite faoi threoracha na n-údarás sláinte agus oideachais maidir le scaradh sóisialta srl. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbeadh taifead againn roimh ré don slua a bheidh i láthair, mar nach bhfuil ach 200 ceadaithe ag ócáid lasmuigh fé láthair.

Os rud é go bhfuil 45 dalta ar an iomlán i gceist, iarraimid oraibh gan ach triúr a bheith linn ó gach theaghlach. Seolfaimid nóta chugaibh an tseachtain seo chugainn ag iarraidh oraibh liosta ainmneacha a thabhairt dúinn ionas go mbeidh muid in ann tinreamh a thógáil ar an oíche. Dar ndóigh iarrfaimid ar éinne atá ag mothú tinn nó a bhí thar lear le coicís anuas fanacht sa bhaile, ar eagla na heagla.

Tosnóidh an ceiliúradh ar a 19:00 agus déanfaidh an grianghrafadóir Garrett Byrne pictiúir ranga a ghlacadh den dhá rang, os rud é nár éirigh linn é sin a dhéanamh i rith na bliana. Tá sé tábhachtach go mbeadh gach duine anseo in am, ionas nach gcuirtear moill ar an ngrianghraifeadóireacht.

Fad is atá na daltaí os comhair grianghraifeadóra, beidh tae / caifé agus sólaistí ar fáil ar feadh leathuair nó mar sin roimh an bronnadh a dhéanamh ar na páistí agus dar ndóigh an físeán a léiriú.

Críochnóimid an oíche ar an mhodh traidisiúnta agus meastar go mbeidh an oíche ar fad thart roimh 21:30 ar a dhéanaí.

Táimid ag tnúth go mór le gach duine a fheiceáil arís ar an Aoine seo chugainn!

We are pleased to announce that the preparations for the big night next Friday are well under way and we are really looking forward to seeing our Rang 6 pupils again to celebrate their years with us. Of course the event will all be run in accordance with the guidelines from the health and education authorties regarding social distancing etc. Therefore it is important that we have a record of attendees in advance, as only 200 are permitted for outdoor events at the present time.

As there are 45 pupils in total, we ask that only three from each family attend. We will send a note out next week asking you to send in the list of attendees so that we can mark attendance on the night. Of course, if anyone is feeling unwell on the night, or has travelled abroad in the last fortnight we would ask them not to attend, just to be safe.

The celebrations will start promptly at 19:00 when the photographer Garret Byrne will take class photographs of the two classes, seeing as how we never got to do that this year. It is important that everyone be present on time, so as not to unduly delay the photography.

While the pupils are being photgraphed there will be teas, coffees and finger food provided for around half an hour before we start the presentations and of course the showing of the video.

We plan to finish the evening in the traditional manner and we expect that the whole night will be over by 21:30 at the latest.

We greatly look forward to seeing everyone again next Friday.

No events found
23-D.Fómh-2020
Ghlac roinnt dár ndaltaí páirt sa chomórtas 'Social Inclusion Week 2020' curtha ar siúl ag AISW (Africa Ireland Society Wicklow) le déanaí agus bhí roinnt buaiteoirí againn. Tá roinnt d'obair na ndaltaí le feiceáil thíos sa ...
16-D.Fómh-2020
Tá sé am anois a bheith ag smaoineamh ar cheiliúradh Oíche Shamhna san am aisteach ina mairimid faoi láthair. Dar ndóigh ní féidir leanúint le na gnáth-nósanna a bhí againn le blianta, ach mar sin féin, measaimid go bhfuil sé ...
09-D.Fómh-2020
Tá na cruinnithe tuistí / múinteoirí ar fáil anois ar Aladdin Connect más mian le tuistí am a oireann dóibh féin a chur in áirithe. Faraor, beidh athrú i mbliana de bharr an Covid-19. Ní bheimid in ann na cruinnithe seo a ...
12-M.Fómh-2020
Tá fógraí crochta ag an gclub ag rá nach bhfuil cead madraí a bheith ar shuíomh na scoile ar bhonn sláinte agus sábháilteachta. Dár ndóigh is eisceacht iad madraí cúnta. Ba mhór linn bhur gcomhoibriú maidir le seo.
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2020 Gaelscoil an Inbhir Mhóir