Margadh Hoodies Scoile 30.08.21 School Hoodie Sale

Beidh suíomh na scoile ar oscailt ar Dé Luan 30 Lúnasa ó meánlae go dtí 16:00 más mian libh teacht chun Hoodies scoile a cheannacht don bhliain nua. Tá an réimse iomlán toisí againn a oireadh do gach dalta.
23-Lúnasa-21
Margadh Hoodies Scoile 30.08.21 School Hoodie Sale

Beidh suíomh na scoile ar oscailt ar Dé Luain 30 Lúnasa ó meánlae go dtí 16:00 más mian libh teacht chun Hoodies scoile a cheannacht don bhliain nua. Tá an réimse iomlán toisí againn a oireadh do gach dalta ó Naíonáin Bheaga go Rang 6. Beidh costas €20 ar gach Hoodie.

Déanfar an díolachán lasmuigh den oifig nua má tá an aimsir go breá, nó laistigh den oifig nua má tá droch-lá ann, ach pé scéal é, cloífear le nósanna scaradh sóisialta ar an lá, agus b'fhéidir go mbeidh ar daoine fanacht i scuaine má thagann slua mór ar an am céanna. Iarraimid oraibh gan na páistí go léir a thabhairt libh. Má tá na cinn atá agaibh anois éirithe róbheag, is féidir an chéad toise eile a cheannacht agus níor chóir go mbeadh ar páistí iad a thriail chun an toise cheart a roghnú.

Faraor, ní féidir linn iad a choimeád in áirithe do dhaoine agus caithfear iad a dháileadh de réir mar a cheannaítear iad.

Má dhíoltar ar fad iad ar an lá, beimid in ann ordú eile a chur isteach agus beidh siad ar fáil arís i Meán Fómhair má tá éileamh ann.

The school will be open on Monday (30th of August) from midday to 16:00 if anyone wishes to purchase school Hoodies for the coming school year. We have the full range of sizes to suit all children from Naíonáin Bheaga to Rang 6. Each Hoodie will cost €20.

The sale will be conducted outside the oifig scoile if the weather is fine, or inside the new oifig if it is a poor day, but either way, we will be adhering to the social distancing guidelines on the day and you may have to wait in a queue for a short time if a large crowd come at the same time. We ask that you not bring all the children with you. If the Hoodies you have this year have grown too small, you can just get the next size up and it should not be necessary for the children to try them all on to select the correct size.

Unfortunately, we are not in a position to reserve Hoodies for people and we will sell them on a first come first served basis.

If we sell out on the day, we can put in another order and they will be available again in September, if there is sufficient demand.

Noll
21 2022
Saoire na Nollag
Feabh
06 2023
Lá Saoire Poiblí
Feabh
13 2023
Briseadh Meán Téarma
Már
16 2023
Saoire Lá 'le Pádraig
Már
31 2023
Saoire na Cásca (Leathlá)
10-Samh-2022
Tá cumann áitiúil - East Coast Roosters Motorcycle Club - ag eagrú bailiúchán arís i mbliana dóibhsean gan dídean i scoileanna an bhaile agus táimid sásta tacú lena n-iarrachtaí. Chuige sin beidh bosca mór bruscar curtha in oifig na scoile ón Luan se
26-D.Fómh-2022
Rinne Bord Bainsitíochta na scoile athbhreithniú aréir ar pholasaí agus ar ráiteas chonsanta leanaí agus ar ráiteas agus measúnú riosca um chumhdach leanaí na scoile agus tá na leaganacha reatha le feiceáil anois ar shuíomh na scoile anseo.
03-D.Fómh-2022
Tá tús curtha arís le séasúr peile na bliana faoi stiúr Cumann na mBunscol i gCill Mhantáin. Táimid ag súil mar sin le roinnt blitzeanna a bheith eagraithe do bhuachaillí agus cailíní na hardranganna sna míonna amach romhainn.
27-M.Fómh-2022
Tá éacht déanta arís ag daltaí na Gaelscoile i gcomórtais tras-tíre in Abhainn Dála inné.  Bhí buachaillí agus cailíní ó Rang 3 go Rang 6 ag rith i rásanna sealaíochta i gcoinne scoileanna eile an chontae.  Bhí os cionn 20 foireann ag rith ...
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2022 Gaelscoil an Inbhir Mhóir