Lá Fhéile Pádraig Sona Daoibh

Faraor, i mbliana, is cosúil go bhfuil an cheiliúradh ar fad ar ceal agus is dócha go bhfuileamar go léir in ísle bhrí faoin ngéarchéim shláinte atá buailte linn le roinnt seachtainí anuas. Cé gur trua nach féidir linn an lá ...
17-Márta-20
Lá Fhéile Pádraig Sona Daoibh

Faraor, i mbliana, is cosúil go bhfuil an spraoi ar fad ar ceal agus is dócha go bhfuileamar go léir in ísle bhrí faoin ngéarchéim shláinte atá buailte linn le roinnt seachtainí anuas. Cé gur trua nach féidir linn an lá mór seo a cheiliúradh le chéile mar is iondúil, seo thíos roinnt físeáin a d'ullmhaigh Rang 4 roimh scaradh dúinn. Nach cumasach na daltaí atá againn agus nárbh fhada romhainn an lá go mbeimid uile ar ais i mbun na hoibre - an Ghaelscoil abú!

https://twitter.com/Gaelscoil_IM/status/1239925506457419778

https://twitter.com/muinteoir_deas/status/1239103107499524096

Unfortunately, this year it seems like all the fun has been cancelled and we're all probably feeling a little down regarding the health crisis that has landed on us in the past few weeks. While it is a pity that we cannot celebrate the big day together as we normally would, we have above some videos Rang 4 prepared before we left. Haven't we the talented pupils and may it not be long before we are all back together hard at work - Gaelscoil abú!

No events found
29-Meith-2021
Tá deireadh na bliana sroichte againn ar deireadh agus cad é mar bhliain a bhí ann. Bhí lá breá gréine inniu againn agus píotsa agus uachtar reoite ann chun na daltaí agus na múinteoirí a choimeád sásta. Beidh leath lá amárach
13-Meith-2021
Ní raibh an aimsir rómhaith an tseachtain seo caite agus ar deireadh ní rabhamar in ann ach Lá Spóirt a chur ar siúl ach do leath na scoile.  Mar sin, tá an leath eile le déanamh amárach, mar is cosúil go mbeidh an aimsir go ...
26-Bealt-2021
Rinne an Ghaelscoil ceiliúradh ar Lá na hAfraice inné agus bhí roinnt ranganna ag déanamh oibre ealaíne, rince agus tionscnaimh chun foghlaim faoi chultúir iléagsúlacha na hAfraice. Seo thíos roinnt samplaí den méid atá déanta.
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2021 Gaelscoil an Inbhir Mhóir