Nuacht

15-Már-2023
Táimid ag súil go mór leis an gceiliúradh ar an Aoine agus tá súil againn go mbainfidh sibh uile sult as an lá. Feicfimid gach duine ar ais ar scoil ar an Luan!
09-Már-2023
Tar éis dhá bhliain iomlán ina tost, tá ceolteoirí, aisteoirí, seinnteoirí agus cainteoirí an Inbhir Mhóir ina bheathaigh arís le filleadh na Féile ar scoileanna an bhaile agus an cheantair maguaird. Mar ba ghnách linn i gcónaí ...
28-Feabh-2023
Bhí lá rathúil eile ag foireann lúthchleasaíochta na scoile in Abhainn Dála agus d'éirigh leo roinn boinn a bhreith leo. Bhain an fhoireann ar fad an-taitneamh as an iomaíocht agus tá siad uilig ag tnúth go mór leis an gcéad lá eile i Mí Bealtaine.
08-Noll-2022
Roinnt blianta ó shin bhuaigh Rang dár gcuid an duais i gcomórtas Junior Entrepreneur Programme (JEP) le dearadh cluiche boird - Mairseáil na Léarscáile. Tá an rang sin imithe ar aghaidh anois ar an mheánscoil cé go raibh roinnt acu ar ais linn le
10-Samh-2022
Tá cumann áitiúil - East Coast Roosters Motorcycle Club - ag eagrú bailiúchán arís i mbliana dóibhsean gan dídean i scoileanna an bhaile agus táimid sásta tacú lena n-iarrachtaí. Chuige sin beidh bosca mór bruscar curtha in oifig na scoile ón Luan se
26-D.Fómh-2022
Rinne Bord Bainsitíochta na scoile athbhreithniú aréir ar pholasaí agus ar ráiteas chonsanta leanaí agus ar ráiteas agus measúnú riosca um chumhdach leanaí na scoile agus tá na leaganacha reatha le feiceáil anois ar shuíomh na scoile anseo.
03-D.Fómh-2022
Tá tús curtha arís le séasúr peile na bliana faoi stiúr Cumann na mBunscol i gCill Mhantáin. Táimid ag súil mar sin le roinnt blitzeanna a bheith eagraithe do bhuachaillí agus cailíní na hardranganna sna míonna amach romhainn.
27-M.Fómh-2022
Tá éacht déanta arís ag daltaí na Gaelscoile i gcomórtais tras-tíre in Abhainn Dála inné.  Bhí buachaillí agus cailíní ó Rang 3 go Rang 6 ag rith i rásanna sealaíochta i gcoinne scoileanna eile an chontae.  Bhí os cionn 20 foireann ag rith ...
20-M.Fómh-2022
Seo meabhrúchán faoi chruinniú Choiste na dTuistí a bheidh ar siúl ar 20:00 anocht, i Seomra na Deilfe (Rang 5 M.Aoife).  Tá ról lárnach ag coiste na dtuistí i saol na scoile agus molaimid go mór go mbeadh tuistmitheoir amháin i láthair ó gach clann
20-M.Fómh-2022
Beidh Zeeko ar tabhairt cuairte ar ranganna 4, 5 agus 6 i gceann cúpla seachtaine chun obair a dhéanamh maidir le sábháilteacht ar-líne. Tháinig siad chugainn an cúpla bliain ó shin agus bhaineamar an-tairbhe as a gcomhairle.
24-Meith-2022
Seo thíos nuachtlitir na bliana. Ár mbuíochas le M.Aoife as ucht a gcuid eagarthóireachta agus le na múinteoirí ar fad as na hailt dheasa a scríobhadar. Go mbaine sibh uile taitneamh as na laethanta saoire.
22-Meith-2022
Tá deireadh na bliana sroichte againn ar deireadh agus ba bhliain iontach í.  Beidh leath lá amárach againn agus beidh cead ag na daltaí a éadaí féin a chaitheamh.
13-Meith-2022
Bhí ríméad orainn ar an Aoine gradam Digital School of Distinction a bhaint amach agus bhí ócáid bheag againn sa scoil chun an éacht seo a cheiliúradh. Tháinig roinnt ionadaithe poiblí chugainn chun obair na bpáistí a fheiceáil agus chun ...
05-Meith-2022
Tháinig eolaithe ó Merck chun cuairte orainn ar an Aoine agus chuireadar ceardlann thar a bheith suimiúil ar siúl do dhaltaí Rang 5 & Rang 6. Bhain na daltaí ar fad taitneamh agus tairbhe as a méid a cuireadh ar fáil agus táimid cinnte go bhfuil ...
11-Bealt-2022
Táimid ag tnúth go mór sa scoil don tseachtain mhór atá romhainn an tseachtain seo chugainn - Seachtain na Rothar.  Is cúis í seo úsáid na rothar a spreagadh agus ba mhaith linn go ndéanfadh gach páiste iarracht rothaíocht nó scútáil ar scoil don tse
11-Bealt-2022
Tá na comórtais peile tosnaithe arís i mBaile na Cille tar éis blianta caillte na paindéime, agus is léir nár chaill an Ghaelscoil mian nó meon na peile i rith na mblian deacra úda.  Bhí dhá fhoireann againn ó bhuachaillí Rang 5 & Rang 6 ag imirt an
Már
31 2023
Saoire na Cásca (Leathlá)
Bealt
01 2023
Lá Saoire Poiblí (Lá Buí Bealtaine)
Meith
05 2023
Lá Saoire Poiblí
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2023 Gaelscoil an Inbhir Mhóir