Fógraí Nollag - Christmas Notices

Táimid ag ullmhú go tréan anois don lá mór ag deireadh na míosa agus gach duine ar bís do saoire na Nollag. Seo roinnt fógraí faoin mhí romhainn, ag díriú ar na difríochtaí i mbliana de bharr Covid-19.
04-Nollaig-20
Fógraí Nollag - Christmas Notices

Táimid ag ullmhú go tréan anois don lá mór ag deireadh na míosa agus gach duine ar bís do saoire na Nollag. Seo roinnt fógraí faoin mhí romhainn, ag díriú ar na difríochtaí i mbliana de bharr Covid-19.

  1. Grotto: Tá Grotto na Nollag ullmhaithe ag Coiste na dTuistí, Tom agus M.Alison arís i mbliana agus feicfidh sibh ó na híomhánna anseo go bhfuil jab den scoth déanta acu mar is gnáth. Beidh lá ag gach rang cuairt a thabhairt air mar is mian leo, ach ní bheidh ach rang amháin ann gach lá, ionas nach bhfuil na bolgáin ranga ag meascadh nó ag roinnt an spáis chéanna.
  2. Lá carúil / Daidí na Nollag: Ní bheidh an gnáth-lá cheiliúrtha againn i mbliana ar an dtarmac, mar nach féidir linn freastal ar shlua mór mar sin i mbliana. Mar sin, ciallaíonn sin nach mbeidh Daidí na Nollag ag tabhairt cuairte orainn leis an mBriogáid Dóiteáin mar is gnáth. Cé gur trua é seo, tá Daidí na Nollag chun labhairt leis na ranganna ar Zoom ar an 18 Nollag agus deirtear linn go mbeidh a shíóga anseo chun na bronntanais a dháileadh ar an daltaí. Ní mór do na páistí a bheith go maith idir an dá linn mar sin!
  3. Geansaithe Nollag: Tá ceisteanna curtha ag roinnt páistí faoin gheansaithe Nollag a chaitheamh agus beidh cead é sin a dhéanamh ar an 21ú agus an 22ú. Roimhe sin, caithfidh gach duine an éide scoile a chaitheamh mar is gnáth, ach amháin má tá duaiseanna ar leith eagraithe ag múinteoirí ar leith de bharr Dojo nó a leithéid.
  4. Leath-lá: Beidh an scoil ag dúnadh ar 22 Nollag ag 12:15 don saoire agus beimid ar ais ar an 6 Eanáir.

Nollaig Shona daoibh uile!

We are all hard at work preparing for the big day at the end of the month and everyone is excitedly anticipating the Christmas break. Here are some notices regarding the month ahead, focusing in particular on the differences this year arising from Covid-19.

  1. Grotto: Coiste na dTuistí, Tom and M.Alison have set up the Grotto again this year and as can be seen from the images above, they have excelled themselves as usual. Each class has a designated day on which they may visit the Grotto and there will be but one class each day, so that the class bubbles are not mixed nor sharing the same space.
  2. Lá carúil / Daidí na Nollag: The traditional carol service we usually hold on the tarmac each year has had to be cancelled this year as we cannot have such a crowd gathered together like that this year. This means unfortunately, that Daidí na Nollag will not be visiting us in person with the Fire Brigade as he usually does. While this is a pity, Daidí na Nollag will be speaking to each class in Zoom on the 18th December and he tells us that his elves will be with us on the day to distribute the presents. Children need to be on their best behaviour then in the meantime!
  3. Christmas Jumpers: Some of the children have asked about wearing Christmas jumpers and that will be allowed on the 21st and 22nd of December. Until then, children must continue to wear the school uniform as usual, unless particular prizes have been arranged by their class teachers for winning on the class Dojos or similar.
  4. Leath-lá: The school will close at 12:15 on the 22nd of December for the holidays and we will all be back on the 6th of January.

Nollaig Shona daoibh uile!

No events found
29-Meith-2021
Tá deireadh na bliana sroichte againn ar deireadh agus cad é mar bhliain a bhí ann. Bhí lá breá gréine inniu againn agus píotsa agus uachtar reoite ann chun na daltaí agus na múinteoirí a choimeád sásta. Beidh leath lá amárach
13-Meith-2021
Ní raibh an aimsir rómhaith an tseachtain seo caite agus ar deireadh ní rabhamar in ann ach Lá Spóirt a chur ar siúl ach do leath na scoile.  Mar sin, tá an leath eile le déanamh amárach, mar is cosúil go mbeidh an aimsir go ...
26-Bealt-2021
Rinne an Ghaelscoil ceiliúradh ar Lá na hAfraice inné agus bhí roinnt ranganna ag déanamh oibre ealaíne, rince agus tionscnaimh chun foghlaim faoi chultúir iléagsúlacha na hAfraice. Seo thíos roinnt samplaí den méid atá déanta.
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2021 Gaelscoil an Inbhir Mhóir