Féile Cheoil an Inbhir Mhóir

Tar éis dhá bhliain iomlán ina tost, tá ceolteoirí, aisteoirí, seinnteoirí agus cainteoirí an Inbhir Mhóir ina bheathaigh arís le filleadh na Féile ar scoileanna an bhaile agus an cheantair maguaird. Mar ba ghnách linn i gcónaí ...
09-Márta-23
Féile Cheoil an Inbhir Mhóir

Tar éis dhá bhliain iomlán ina tost, tá ceolteoirí, aisteoirí, seinnteoirí agus cainteoirí an Inbhir Mhóir ina bheathaigh arís le filleadh na Féile ar scoileanna an bhaile agus an cheantair maguaird. Mar ba ghnách linn i gcónaí, tá Gaelscoil an Inbhir Mhóir i lár an aonaigh agus is cúis bhróid dúinn ar fad gur chuir gach uile rang dar chuid iarratas ranga isteach ar na comórtais difriúla.

Bhaineamar roinnt duaiseanna ranga i mbliana agus bhí ríméad ar na daltaí ar fad tortha a gcuid oibre a fheiceáil.

Cé go bhfuil na comórtais ranga ar fad thart anois, tá roinnt dár ndaltaí fós san iomaíocht i gcomórtais aonair cheoil, véarsaíochta agus a leithéid. Guímid gath rath ar na daltaí atá fós san iomaíocht agus gabhaimid buíochas ar na múinteoirí, ar na tuismitheoirí agus dar ndóigh ar na daltaí féin as a n-iarrachtaí i mbliana.

Is iontach an rud é don cheantar ár bhFéile Cheoil agus táimid ag tnúth go mór leis an bhfás agus leis an bhforbairt a thiocfaidh air sna blianta romhainn tar éis na blianta fánacha Covid a chur di.

After two silent years, the musicians, actors, players and poets of Arklow have burst into life again with the return of the Arklow Music Festival to the schools of Aklow and the surrounding communities. As usual, the Gaelscoil threw ourselves 100% into everything and it is a source of great pride thay every single class participated in the different group competitions.

We won a good few prizes this year and the pupils were all delighted to see the fruits of their labours.

While the class competitions are all finished now, we still have some of our pupils competing in individual competitions from singing to verse speaking etc. We wish those pupils still in the running all the best and we thank wholeheartedly all the múinteoirí, the parents and of course the pupils themselves for their efforts this year.

The Arklow Music Festival is a real treasure for our town and we look forward to it growing from strength to strength in the coming years, having left the fallow Covid years well behind them.

Már
31 2023
Saoire na Cásca (Leathlá)
Bealt
01 2023
Lá Saoire Poiblí (Lá Buí Bealtaine)
Meith
05 2023
Lá Saoire Poiblí
15-Már-2023
Táimid ag súil go mór leis an gceiliúradh ar an Aoine agus tá súil againn go mbainfidh sibh uile sult as an lá. Feicfimid gach duine ar ais ar scoil ar an Luan!
28-Feabh-2023
Bhí lá rathúil eile ag foireann lúthchleasaíochta na scoile in Abhainn Dála agus d'éirigh leo roinn boinn a bhreith leo. Bhain an fhoireann ar fad an-taitneamh as an iomaíocht agus tá siad uilig ag tnúth go mór leis an gcéad lá eile i Mí Bealtaine.
08-Noll-2022
Roinnt blianta ó shin bhuaigh Rang dár gcuid an duais i gcomórtas Junior Entrepreneur Programme (JEP) le dearadh cluiche boird - Mairseáil na Léarscáile. Tá an rang sin imithe ar aghaidh anois ar an mheánscoil cé go raibh roinnt acu ar ais linn le
10-Samh-2022
Tá cumann áitiúil - East Coast Roosters Motorcycle Club - ag eagrú bailiúchán arís i mbliana dóibhsean gan dídean i scoileanna an bhaile agus táimid sásta tacú lena n-iarrachtaí. Chuige sin beidh bosca mór bruscar curtha in oifig na scoile ón Luan se
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2023 Gaelscoil an Inbhir Mhóir