Ealaíon na mBonn - Coin Art

Bhí ócáid an-speisialta sa scoil ar Déardaoin agus Aoine na seachtaine seo nuair a d'eagraigh M.Cáit agus M.Ciarán (a d'fhill orainn chun tacú lenár n-iarrachtaí) Ealaíon na mBonn. Bhailigh gach rang aon sóinseáil sa bhreis ...
21-Meitheamh-19
Ealaíon na mBonn - Coin Art

Bhí ócáid an-speisialta sa scoil ar Déardaoin agus Aoine na seachtaine seo nuair a d'eagraigh M.Cáit agus M.Ciarán Ealaíon na mBonn. Bhailigh gach rang aon sóinseáil sa bhreis a bhí sa bhaile acu agus chuaigh na daltaí amach ar chlós na naíonáin chun na boinn a úsáid chun pictiúir a dhearadh. Bhí ionadh ar gach a chonaic a n-iarrachtaí an ard-chaighdeán na healaíona a bhí le feiceáil ach bhí iontas níos mó nuair a fógraíodh an méid a bhailigh an scoil ar son Ospís Chill Mhantáin.

Míle buíochas as ucht bhur gcabhair agus as ucht bhur bhflaithiúlacht. D’oibrigh sé amach go han-mhaith idir na pictiúir agus an Mata ina dhiaidh. Bhí an t-ádh dearg againne freisin leis an aimsir agus bhí sé go hiontach an deis a fháil pobal na scoile a chur amach le chéile ar chlós na scoile agus iad i mbun oibre a bhí spraíúil. Anuas ar sin d’éirigh linne seic a chur ar aghaidh inniu, ag am Ghaeilgeora, chuig Sinéad a tháinig as an Ospís. Deacair a chreidiúint go raibh an uimhir chomh mór sin ann ag an deireadh. Bhí muid ábalta míle, dhá chéad daichead a ceathair euro a chur ar aghaidh chuig an Ospís. Caithfimid ár mbuíochas a ghabhail freisin le Múinteoir Ciarán a tháinig ar ais go speisialta chun muidne a chabhrú ag cur an imeacht seo ar siúl.

The school hosted a very special event on Thursday and Friday of this week when M.Cáit & M.Ciarán organised Ealaíon na mBonn. Every class collected whatever spare change they could find at home and the students all took to clós na naíonáin to use the coins to design pictures. All who witnessed this were amazed at the high standard of the art on display but even greater amazement arose when the amount collected by the school for Wicklow Hospice was announced.

Many thanks for your help and generosity recently with regard to the coins. It worked out very well with both the coin pictures and the practical maths afterwards. It was fantastic to have the opportunity to have the entire school community outside together in the yard while they were active in an enjoyable way. On top of that we were then able to present a cheque to Sinéad, who came from Wicklow Hospice today during Gaeilgeoir. It’s hard to believe the final tally was so high.We sent total of one thousand, two hundred forty four euro to the Hospice. Finally we have to acknowledge, and thank, Múinteoir Ciarán, who came back for two days to help us organise this event.

Ean
28 2020
Zeeko - Sábháilteacht Ar-líne
Már
14 2020
Cóineartú 2020
17-Ean-2020
Bhí Glaoch na Gaelscoile réidh ag deireadh na bliana seo caite, ach leis an Nollaig agus gach a bhain leis, rinneadh dearmad é a fhoilsiú go hoifigiúil anseo. Ár leithscéal as seo ach seo dhaoibh anois é. Comhghairdeachas ...
17-Ean-2020
Tá iarscoláirí dár gcuid féin i ndiaidh féilire ar ardchaighdeán a fhorbairt le radhairc ón mbaile seo againne agus tá cóipeanna ar díol ó oifig na scoile ar €5 an ceann. Is maith linn tacaíocht a thabhairt dár n-iarscoláirí ...
10-Ean-2020
Tá Cór na Scoile tosaithe ar ais ar an gcleachtadh don bhliain mhór atá romhainn. Mar is gnáth, beidh páistí ó Rang 3 - Rang 6 ag glacadh páirte san Fhéile Cheoil arís i mbliana. Tá an comórtas ar siúl ar Domhnach 8 Márta ...
19-Noll-2019
Tháinig Daidí na Nollag chun cuairte orainn ar an Mháirt agus b'iontach do na leanaí bualadh leis ar scoil. Bhí na páistí go léir go hálainn ag canadh roimh ré agus bhain gach a raibh i láthair sult agus taitneamh as an gceol ...
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2020 Gaelscoil an Inbhir Mhóir