Díolachán Cístí ag Coiste na dTuistí

Tá Coiste na dTuistí ag bailiú airgid ar son dalta na scoile, Sarah Ní Ghormáin, atá an-tinn thall i Meiriceá faoi láthair. Mar chuid dá n-iarrachtaí, beidh díolachán cístí acu sa seomra foirne amárach. Tá fáilte roimh chách!
30-Bealtaine-19
Díolachán Cístí ag Coiste na dTuistí

Tá Coiste na dTuistí ag bailiú airgid ar son dalta na scoile, Sarah Ní Ghormáin, atá an-tinn thall i Meiriceá faoi láthair. Mar chuid dá n-iarrachtaí, beidh díolachán cístí acu sa seomra foirne amárach. Tá fáilte roimh chách!

Tiocfaidh beirt imreoirí an chontae ar cuairt speisialta ar an lá chun tacú linn: an peileadóir Darragh Fitzgerald (iarscoláire dár gcuid féin) agus an t-iománaí Wayne Kavanagh. Más mian le héinne sínithe a fháilt ón mbeirt, amárach bhur seans.

Mar chuid den lá freisin, tá Dioscó eagraithe freisin agus tá ticéid ar díol sa scoil.

Caithfear buíochas a ghabháil don Choiste as ucht a dtréanoibre an ócáid seo a eagrú.

The Parents' Association are fundraising for a pupil of the school, Sarah Ní Ghormáin who is very ill over in America at present. As part of their efforts, there will be a cake sale in the seomra foirne tomorrow. All are welcome!

Two county players will be visiting the school to show their support: the footballer Darragh Fitzgerald (a past pupil of the school) and the hurler Wayne Kavanagh. If anybody wants autographs from the lads, tomorrow is your chance.

As part of the day's events, there will be a Disco tomorrow evening for which tickets are on sale from the school.

The Coiste deserve great praise for their trojan work organising this event.

No events found
14-Meith-2019
D'eagraigh M.Caroline comórtas fichille sa scoil an tseachtain seo agus d'imríodh na cluichí ar fad ar an Déardaoin agus ar an Aoine. Bhí slua mór d'iomaitheoirí ag glacadh páirte ó Ranganna 5 & 6.
14-Meith-2019
Bhí ár Lá Spóirt againn an tseachtain seo agus bhí lá iontach ag gach duine. Bhí an t-ádh dearg linn leis an aimsir, mar nach raibh lá tirim againn ó shin i leith! Ár míle mbuíochas le M.Pól ach go háirithe as ucht an lá a eagrú
24-Bealt-2019
Comhghairdeas leis na buaiteoirí ón gComórtas Ealaíne. Harry Dualta Catherine Leah Jack Faye Eibhlinn Diarmuid Muireann Ruby Aaron Kate Theo Well done to our winners from the Community Games Art Competition.
21-Bealt-2019
D'imigh foireann snámha na scoile go Comórtas Snámha Laighin ar an Domhnach seo caite (19 Bealtaine) agus bhí lá thar a bheith rathúil acu ann. Ba ábhar bróid don scoil é dea-iompar na ndaltaí i rith an lae agus dár ndóigh ...
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2019 Gaelscoil an Inbhir Mhóir