Deireadh na Scoilbhliana - Leathlá - End of the Schoolyear

Tá deireadh na bliana sroichte againn ar deireadh agus ba bhliain iontach í.  Beidh leath lá amárach againn agus beidh cead ag na daltaí a éadaí féin a chaitheamh.
22-Meitheamh-22

Tá deireadh na bliana sroichte againn ar deireadh agus ba bhliain iontach í. Beidh leath lá amárach againn agus beidh cead ag na daltaí a éadaí féin a chaitheamh.

Beidh na naíonáin ag dul abhaile ar 12:00 agus ansin beidh an scoil ag fágáil slán le Rang 6 ar an astró ó 12:05 - 12:15. Beidh cead ag na tuistí teacht isteach ar an suíomh chun breathnú ar na daltaí ag fágáil slán leis an dá Rang 6 lasmuigh de na ráillí.

Beidh na páistí ar fad ag dul abhaile ar 12:15 mar sin, ach fanfaidh na páistí atá ag dul ar an bus go dtí 12:30 chun deis a thabhairt don trácht glanadh.

Tá súil againn go mbainfidh sibh uile taitneamh as na laethanta fada saoire romhainn agus feicfimid ar ais arís sibh ar an 1 Meán Fómhair.

Scaoilamachnascoláirí.png

We have finally reached the year's end and what a wonderful year we have had. There will be a half day tomorrow and the children can all wear their own clothes for the day.

The naíonáin bheaga and mhóra will be going home at 12:00 and then the rest of the school will be bidding farewell to Rang 6 on the astró from 12:05 - 12:15. Parents may come into the school to observe proceedings on the astró from outside the railings.

All the remaining students will then be going home at 12:15, but children going on the bus will wait until 12:30 to give the traffic a chance to clear.

We hope you all enjoy the long summer days ahead and we look forward to seeing you all back refreshed and ready to go on the 1st September.

Már
31 2023
Saoire na Cásca (Leathlá)
Bealt
01 2023
Lá Saoire Poiblí (Lá Buí Bealtaine)
Meith
05 2023
Lá Saoire Poiblí
15-Már-2023
Táimid ag súil go mór leis an gceiliúradh ar an Aoine agus tá súil againn go mbainfidh sibh uile sult as an lá. Feicfimid gach duine ar ais ar scoil ar an Luan!
09-Már-2023
Tar éis dhá bhliain iomlán ina tost, tá ceolteoirí, aisteoirí, seinnteoirí agus cainteoirí an Inbhir Mhóir ina bheathaigh arís le filleadh na Féile ar scoileanna an bhaile agus an cheantair maguaird. Mar ba ghnách linn i gcónaí ...
28-Feabh-2023
Bhí lá rathúil eile ag foireann lúthchleasaíochta na scoile in Abhainn Dála agus d'éirigh leo roinn boinn a bhreith leo. Bhain an fhoireann ar fad an-taitneamh as an iomaíocht agus tá siad uilig ag tnúth go mór leis an gcéad lá eile i Mí Bealtaine.
08-Noll-2022
Roinnt blianta ó shin bhuaigh Rang dár gcuid an duais i gcomórtas Junior Entrepreneur Programme (JEP) le dearadh cluiche boird - Mairseáil na Léarscáile. Tá an rang sin imithe ar aghaidh anois ar an mheánscoil cé go raibh roinnt acu ar ais linn le
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2023 Gaelscoil an Inbhir Mhóir