Deireadh na Bliana - Tús Saoire

Tá deireadh na bliana sroichte againn ar deireadh agus cad é mar bhliain a bhí ann. Bhí lá breá gréine inniu againn agus píotsa agus uachtar reoite ann chun na daltaí agus na múinteoirí a choimeád sásta. Beidh leath lá amárach
29-Meitheamh-21
Deireadh na Bliana - Tús Saoire

Tá deireadh na bliana sroichte againn ar deireadh agus cad é mar bhliain a bhí ann! Bhí lá breá gréine inniu againn agus píotsa agus uachtar reoite ann chun na daltaí agus na múinteoirí a choimeád sásta. Beidh leath lá amárach againn agus beidh cead ag na daltaí a éadaí féin a chaitheamh.

Beidh na naíonáin ag dul abhaile ar 12:00 agus ansin beidh an scoil ag fágáil slán le Rang 6 ar an astró ó 12:05 - 12:15. Faraor ní bheidh cead ag na tuistí ar fad a bheith i láthair ach déanfar físeán den ócáid gur féidir libh breathnú air ar ball.

Beidh na páistí ar fad ag dul abhaile ar 12:15 mar sin, ach fanfaidh na páistí atá ag dul ar an bus go dtí 12:30 chun deis a thabhairt don trácht glanadh.

Tá súil againn go mbainfidh sibh uile taitneamh as na laethanta fada saoire romhainn agus feicfimid ar ais arís sibh ar an 31 Lúnasa.

20210629_135953.jpg

We've finally reached the end of the year and what a year it was! We've enjoyed a wonderful sunny day today with pizza and uachtar reoite to keep múinteoirí and páistí alike happy to the very end. We have a half day tomorrow and the daltaí can wear their own clothes for the day that's in it.

The naíonáin will be going home at 12:00 and then the remainder of the school will bid a final farewell to Rang 6 on the astró from 12:05 - 12:15. Unfortunately parents will not be allowed to attend but we will video proceedings so that people can see it again later.

Everyone else will be going home at 12:15 then, but any children on the bus will wait till 12:30 to give a chance for the traffic to clear.

We hope you all enjoy the long hot summer ahead of us and we will see you all back on the 31st August.

No events found
06-Noll-2021
Rinne coiste na dtuistí jab den scoth arís i mbliana leis an Grotto le cabhair ó Bryan agus tá sé réidh anois do na ranganna cuairt a thabhairt air sna seachtainí romhainn roimh Nollag. Ní bheidh ach dhá rang istigh ann in aghaidh an lae, rang amhái
26-Samh-2021
Bhí ríméad orainn a chloisteáil le déanaí gur bhain dalta dar gcuid, Anna Ní Airt atá i Rang 6 anois, duais náisiúnta i gcomórtas in Oireachtas na Samhna i mbliana. Scríobh agus dhear sí greannán dár teideal 'Arán go dtí Spás' agus is scéal eachtrúi
05-Samh-2021
D'imigh foireann reatha na scoile ó Rang 3 - Rang 6 go Abhann Dála inné chun páirt a ghlacadh i gcomórtais reatha le scoileanna eile an chontae agus bhain gach éinne taitneamh as an ócáid. D'éirigh go breá linn le roinnt boinn...
22-D.Fómh-2021
Rinne Bord Bainsitíochta na scoile athbhreithniú an tseachtain seo ar pholasaí agus ar ráiteas chonsanta leanaí agus ar ráiteas um chumhdach leanaí na scoile agus tá na leaganacha reatha le feiceáil anois ar shuíomh na scoile ...
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2022 Gaelscoil an Inbhir Mhóir