Cuairt chun scoile - 26.06.20 - School visiit

Ná dearmad gur amárach (Aoine 26 Meitheamh) an deis dheireanach agaibh maoin na ndaltaí a bhailiú ón scoil (leabhair, ealaíon, cótaí srl) agus leabhair leabharlainne nó scoile a thabhairt ar ais chugainn. Faraor, beidh orainn ...
25-Meitheamh-20
Cuairt chun scoile - 26.06.20 - School visiit

Ná dearmad gur amárach (Aoine 26 Meitheamh) an deis dheireanach agaibh maoin na ndaltaí a bhailiú ón scoil (leabhair, ealaíon, cótaí srl) agus leabhair leabharlainne nó scoile a thabhairt ar ais chugainn.

Faraor, beidh orainn aon rud nach mbailítear amárach a chaitheamh amach, mar ní féidir an scoil a ghlanadh i gceart agus na seomraí lán lena leithéid.

Cloígí le bhur dtoil chomh fada agus is féidir leis an amchlár thíos agus clóigí freisin leis na treoracha náisiúnta ó thaobh scaradh sóisialta srl.

Ní bheidh do mhúinteoir ranga i láthair ach beidh Príomhoide Cian ann chun cuidiú libh más gá. Má tá cógas nó leigheas le bailiú, caithfidh sibh labhairt le Cian san oifig fúthu.

Naíonáin Bheaga. 10:00-11:00
Naíonáin Mhóra. 11:00-12:00
Rang 1. 12:00-13:00
Rang 2: 13:00-14:00
Rang 3: 14:00-15:00
Rang 4: 15:00-16:00
Rang 5: 16:00-17:00
Rang 6: 17:00-18:00

Don't forget that tomorrow (Friday 26th June) is the last chance you will have to collect your children's property (books, artwork, coats etc) and to return the school's books and library books to us.

Unfortunately, we will have to dispose of anything that is not collected tomorrow, as it would not be possible to clean the school properly if the classrooms are full of these things.

Please adhere to the timetable above in so far as possible, and please adhere also to the national guidelines regarding social distancing etc.

Your class teachers will not be present tomorrow, but Príomhoide Cian will be onsite to help in any way necessary. If there are medicines or medications to collect, you'll need to speak with Cian in the oifig about this.

M.Fómh
01 2020
Athoscailt na Scoile
30-Meith-2020
Inniu an lá deireanach agus críochnaímid go hoifigiúil ar a 12:15.  Is cúis lúcháir agus ceiliúrtha é an lá seo de ghnáth agus bíonn idir áthas agus brón orainn chuile bhliain slán a fhágáil le Rang 6.  Faraor, i mbliana ní ...
23-Meith-2020
Tá ionad oideachais Loch Garman i ndiaidh webinar le Gráinne Mulcahy a eagrú a phléifidh an t-aistriú ó Rang 6 chun meanscoile. Tá sé saor-in-aisce ach caithfear áit a chur in áirithe leis an nasc seo.
22-Meith-2020
Bhí Hannah agus Róisín linn i mbliana ag reáchtáil ranganna códála tar éis scoile do dhaltaí R3 - R6 agus bhí an tóir ar a raibh ar siúl acu. Tá Whizzkids.ie i ndiaidh iarraidh orainn bhur n-aird a dhíriú ar a gcóras úr-nua ...
22-Meith-2020
De ghnáth, is é an lá spóirt ceann de bhuaicphointí na bliana sa Ghaelscoil agus is ceann de na laethanta é ina fheicimid pobal uile na scoile idir daltaí, múinteoirí agus tuistí le chéile ar shuíomh na scoile ag moladh agus ag ..
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2020 Gaelscoil an Inbhir Mhóir