Cór Scoile - School Choir

Tá Cór na Scoile tosaithe ar ais ar an gcleachtadh don bhliain mhór atá romhainn. Mar is gnáth, beidh páistí ó Rang 3 - Rang 6 ag glacadh páirte san Fhéile Cheoil arís i mbliana. Tá an comórtas ar siúl ar Domhnach 8 Márta ...
10-Eanáir-20
Cór Scoile - School Choir

Tá Cór na Scoile tosaithe ar ais ar an gcleachtadh don bhliain mhór ghnóthach atá romhainn. Mar is gnáth, beidh páistí ó Rang 3 - Rang 6 ag glacadh páirte san Fhéile Cheoil arís i mbliana. Tá an comórtas ar siúl ar Domhnach 8 Márta agus iarraimid ar thuistí gach iarracht a dhéanamh na páistí a bheith saor ar an lá sin, mar is trua é nuair nach dtagann páistí ar an lá i ndiaidh an chleachtadh ar fad a bheith déanta acu. Beidh an cleachtadh don Fhéile Cheoil ar siúl le M. Margaret & M.Caroline sa seomra breise ar a 11:00 gach Céadaoin.

Roimhe sin, gach Céadaoin ar a 10:00, beidh Cór na Scoile ag cleachtadh don Chóineartú. Sa chás seo áfach, ní bheidh Rang 5 nó Rang 6 páirteach sa chleachtadh sin, mar go mbeidh siad gnóthach ar lá an Chóineartaithe. Mar sin beidh an scoil ag braith go mór ar na páistí ó Rang 3 & Rang 4 cór láidir a dhéanamh chun ceol álainn a chur ar fáil don lá mór. Tá an Cóineartú níos luaithe ná mar is gnáth i mbliana (Sathairn 14 Márta) agus arís iarraimid ar thuistí gach iarracht a dhéanamh na páistí a bheith saor ar an lá sin agus tacú le Rang 5 & Rang 6 agus iad ag dul faoi lámh an Easpaig.

Nuair atá an Fhéile agus an Cóineartú déanta againn, beidh sé in am tabhairt faoin gcleachtadh don Chomaoineach! Mar a dúradh - bliain mhór ghnóthach!

Tá súil againn go mbaineann gach éinne sa Chór tairbhe agus taitneamh as na hullmhúcháin ar fad agus táimid lán-chinnte go ndéanfaidh gach duine acu a ndícheall ar son na scoile agus ar son a chéile.

The School Choir has started their preparations for the busy and important year ahead. As usual, it is the children from Rang 3 - Rang 6 that will be participating in the Arklow Music Festival again. The competition is to take place on Sunday 8th March and we ask parents to make every effort to ensure that their children are available to take part on that day, as it is an awful pity when children miss out on the day after having done all the practice. The preparations for the Arklow Music Festival will take place with M.Margaret and M.Caroline every Wednesday at 11:00 in the spare room, every Wednesday.

Before that, every Wednesday at 10:00, the School Choir will practise for the Confirmation. In this case however, neither Rang 5 nor Rang 6 will participate in these classes, as they will be otherwise engaged on Confirmation day. Therefore, the school will be relying heavily on the children from Rang 3 & Rang 4 to provide a strong choir to ensure we have lovely singing for the big day. The Confirmation is earlier than usual this year (Saturday 14th March) and again we ask parents to make every effort to ensure that their children are available to take part on that day to support Rang 5 and Rang 6 as they receive the sacrament.

When the Music Festival and the Confirmation are done, it will be time to start preparations for the Communion! As we said - a busy and important year!

We hope that everyone in the Choir enjoys and benefits from all this hard work and we are certain that they will all do the school and themselves proud.

No events found
12-M.Fómh-2020
Tá fógraí crochta ag an gclub ag rá nach bhfuil cead madraí a bheith ar shuíomh na scoile ar bhonn sláinte agus sábháilteachta. Dár ndóigh is eisceacht iad madraí cúnta. Ba mhór linn bhur gcomhoibriú maidir le seo.
09-M.Fómh-2020
I ndiaidh an tréimhse fada a chaitheamar uile sa bhaile, ba bhreá an rud dúinn filleadh chun scoile an tseachtain seo caite, agus measaimid gur sona sásta atá gach duine bheith ar ais. Is aoibhinn linn spraoi na bpáistí a ...
18-Lún-2020
Comhghairdeas le na daltaí i Rang 5 agus Rang 6 a rinne an Chóineartú le linn na seachtaine. Bhí 5 searmanas ar fad chun gach duine a dhéanamh agus bhí gach ceann acu go hálainn ar fad. Bhí an aimsir fiú go hálainn agus tá ...
14-Lún-2020
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil na socraithe faoi lán seoil anois don oíche mhór ar an Aoine seo chugainn agus táimid ag tnúth go mór ar ndaltaí Rang 6 a fheiceáil chun a mblianta linn a cheiliúradh. Dar ndóigh beidh an ...
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2020 Gaelscoil an Inbhir Mhóir