Cóineartú 2020

Comhghairdeas le na daltaí i Rang 5 agus Rang 6 a rinne an Chóineartú le linn na seachtaine. Bhí 5 searmanas ar fad chun gach duine a dhéanamh agus bhí gach ceann acu go hálainn ar fad. Bhí an aimsir fiú go hálainn agus tá ...
18-Lúnasa-20
Cóineartú 2020

Comhghairdeas le na daltaí i Rang 5 agus Rang 6 a rinne an Chóineartú le linn na seachtaine. Bhí cúig shearmanas ar fad chun gach duine a dhéanamh agus bhí gach ceann acu go hálainn ar fad. Bhí an aimsir fiú go hálainn agus tá súil againn gur bhain na daltaí agus a dteaghlaigh taitneamh as na laethanta speisialta seo.

Níl amhras ar bith gur bhliain ar leith atá curtha dínn agus ba dheas í a chríochnú leis na ceiliúrtha speisialta seo. Gabhaimid buíochas ar leith leis an tAthair Pádraig agus an tAthair Mícheál agus dar ndóigh le Margaret agus an fhoireann ar fad in oifig an pharóiste a chabhraigh linn na daltaí a ullmhú don lá mór i Mí Márta nár tharla, agus a d'eagraigh imeachtaí na seachtaine seo le tacaíocht na dtuistí. B'álainn an rud é go raibh na daltaí ábalta an lá seo a cheiliúradh i nGaeilge mar is nós dúinn sa Ghaelscoil.

Maith sibh uile!

Congratulations to all the pupils in Rang 5 and Rang 6 who made their Confirmations this last week. There were five ceremonies in total to get everyone done and every one of them was lovely. Even the weather was beautiful on the days and we hope that the pupils and their families all enjoyed these special days.

There is no doubt that we are after having an exceptional year and it was nice to finish it off with these special celebrations. We are especially appreciative of the work of an tAthair Pádraig and an tAthair Mícheál and of course of the work of Margaret and the whole parish team who helped us to prepare for the big day in March that never happened, and who went on to arrange the weeks events with the support of parents. It was lovely that our pupils were able to celebrate this special day as Gaeilge as is the tradition in the Gaelscoil.

Maith sibh uile!

No events found
23-D.Fómh-2020
Ghlac roinnt dár ndaltaí páirt sa chomórtas 'Social Inclusion Week 2020' curtha ar siúl ag AISW (Africa Ireland Society Wicklow) le déanaí agus bhí roinnt buaiteoirí againn. Tá roinnt d'obair na ndaltaí le feiceáil thíos sa ...
16-D.Fómh-2020
Tá sé am anois a bheith ag smaoineamh ar cheiliúradh Oíche Shamhna san am aisteach ina mairimid faoi láthair. Dar ndóigh ní féidir leanúint le na gnáth-nósanna a bhí againn le blianta, ach mar sin féin, measaimid go bhfuil sé ...
09-D.Fómh-2020
Tá na cruinnithe tuistí / múinteoirí ar fáil anois ar Aladdin Connect más mian le tuistí am a oireann dóibh féin a chur in áirithe. Faraor, beidh athrú i mbliana de bharr an Covid-19. Ní bheimid in ann na cruinnithe seo a ...
12-M.Fómh-2020
Tá fógraí crochta ag an gclub ag rá nach bhfuil cead madraí a bheith ar shuíomh na scoile ar bhonn sláinte agus sábháilteachta. Dár ndóigh is eisceacht iad madraí cúnta. Ba mhór linn bhur gcomhoibriú maidir le seo.
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2020 Gaelscoil an Inbhir Mhóir