Cóineartú 2019

Comhghairdeachas ó chroí do dhaltaí Rang 6 a rinne a gCóineartú inné.  Is ócáid speisialta a bhí ann i stair na scoile, mar is é seo an chéad uair a rinne Gaelscoil an Inbhir Mhóir ár gCóineartú linn féin.
05-Bealtaine-19

Comhghairdeachas ó chroí do dhaltaí Rang 6 a rinne a gCóineartú inné. Is ócáid speisialta a bhí ann i stair na scoile, mar is é seo an chéad uair a rinne Gaelscoil an Inbhir Mhóir ár gCóineartú linn féin. Dár ndóigh, tá buíochas ar leith le gabháil le M.Treasa agus M.Pól as ucht a gcuid oibre ar fad ag ullmhú na daltaí don lá mór, ach tá moladh ag dul freisin do na múinteoirí eile sa scoil (M.Eilís, M.Marie, M.Fianait agus M.Máire ach go háirithe) a thacaigh leo i rith na bliana agus ar an lá.

Bá chóir freisin ár mbuíochas a ghabháil leis an bhfoireann sa pharóiste (Margaret Drew agus Fiadhnait Ní Lionáin ach go háirithe) a chabhraigh linn gach rud a ullmhú agus leis an tAthair Pádraig agus an tAthair Mícheál as ucht Aifreann álainn i nGaeilge a rá.

Caithfear Cór na Scoile a lua freisin - chuir na daltaí ar fad go mór leis an lá agus tá ardmholadh ag dul do M.Margaret as ucht a cuid oibre i rith na bliana leis an gCór agus le Rosari a sheinn dúinn inné.

Chríochnaigh an searmanas leis an Ghluaiseacht mar is iondúil san Inbhear Mór agus bhí éacht déanta arís ag Frances na daltaí a ullmhú.

Dár ndóigh, is ar na daltaí is mó gur chóir dúinn a bheith ag smaoineamh ar lá mar seo, agus bhí bród ar an scoil agus ar na tuistí ar fad agus ar an bpobal i gcoitinne go raibh na daltaí go léir chomh béasach, chomh stuama, chomh aibí agus chomh ionraic is a bhí inné. Maith sibh Rang 6!

A heartfelt congratulations to all the pupils in Rang 6 who made their Confirmation yesterday. It was a very speical ocassion in the school's history, as it was the first time Gaelscoil an Inbhir Mhóir made their Confirmation on our own. Of course, we are especially grateful to M.Treasa and M.Pól for all their hard work in preparing the pupils for the big day, but other teachers in the school also deserve recognition (M.Eilís, M.Marie, M.Fianait & M.Maire in particular) for their support during the year and on the day.

We should also express our appreciation to the parish team (Margaret Drew and Fiadhnait Ní Lionáin in particular) who helped us to prepare everything and of course to Father Pádraig and Father Mícheál for their beautiful Mass as Gaeilge.

We must mention the School Choir also - the pupils really added to the day and M.Margaret did a great job all through the year getting them ready and Rosari played beautifully on the day.

The ceremony finished with the Movement as is usual in the parish of Arklow, and once again Frances excelled herself in preparing the pupils.

Our course, it is of the pupils themselves we should be thinking on a day like this, and they did the whole school, their parents and the whole community very proud in the polite, sensible, mature and upright way they carried themselves yesterday. Maith sibh Rang 6!

No events found
14-Meith-2019
D'eagraigh M.Caroline comórtas fichille sa scoil an tseachtain seo agus d'imríodh na cluichí ar fad ar an Déardaoin agus ar an Aoine. Bhí slua mór d'iomaitheoirí ag glacadh páirte ó Ranganna 5 & 6.
14-Meith-2019
Bhí ár Lá Spóirt againn an tseachtain seo agus bhí lá iontach ag gach duine. Bhí an t-ádh dearg linn leis an aimsir, mar nach raibh lá tirim againn ó shin i leith! Ár míle mbuíochas le M.Pól ach go háirithe as ucht an lá a eagrú
30-Bealt-2019
Tá Coiste na dTuistí ag bailiú airgid ar son dalta na scoile, Sarah Ní Ghormáin, atá an-tinn thall i Meiriceá faoi láthair. Mar chuid dá n-iarrachtaí, beidh díolachán cístí acu sa seomra foirne amárach. Tá fáilte roimh chách!
24-Bealt-2019
Comhghairdeas leis na buaiteoirí ón gComórtas Ealaíne. Harry Dualta Catherine Leah Jack Faye Eibhlinn Diarmuid Muireann Ruby Aaron Kate Theo Well done to our winners from the Community Games Art Competition.
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2019 Gaelscoil an Inbhir Mhóir