Cianfhoghlaim - Remote Learning

Fé mar atá cloiste agaibh anois, tá athoscailt na scoile curtha siar go deireadh na míosa ar a laghad. Cé gur trua é seo, caithfimid leanúint leis an obair ar-líne go dtí go ndeirtear go bhfuil cead againn na páistí a fháiltiú ...
11-Eanáir-21
Cianfhoghlaim - Remote Learning

Fé mar atá cloiste agaibh anois, tá athoscailt na scoile curtha siar go deireadh na míosa ar a laghad. Cé gur trua é seo, caithfimid leanúint leis an obair ar-líne go dtí go ndeirtear go bhfuil cead againn na páistí a fháiltiú ar ais chugainn. Chuige seo, tá na múinteoirí i ndiaidh na leabhair a bheidh ag teastáil a fhágáil in oifig na scoile daoibhse nach bhfuair seans iad a bhailiú ar an Aoine seo caite. Is féidir bualadh isteach chugainn idir 9am-3pm inniu (Dé Luain) nó amárach (Dé Máirt) chun iad a bhailiú.

Tá taithí ag na páistí ar fad leis an gcianfhoghlaim anois agus ba chóir go mbeadh cuntais ar Seesaw nó Google Classroom ag gach duine. Má tá fadhbanna ar bith leis na cuntais, pasfhocail srl, seol nóta chuig do mhúinteoir ranga agus réiteoimid aon fhadhb. Tuigimid go bhfuil an cianfhoghlaim dúshlánach do na páistí (agus do na tuistí freisin) ach molaimid daoibh obair leanúnach a dhéanamh gach lá chomh fada agus is féidir. Má eagraítear cruinnithe ar Zoom nó ranganna beo eile, déan gach iarracht freastal orthu. Mar sin féin, tuigimid go bhfuil roinnt agaibh le níos mó ná scoláire amháin ag roinnt áiseanna sa bhaile agus mar sin, ná dearmad nach féidir níos mó ná bhur ndícheall a dhéanamh.

Tá súil againn nach mairfidh an tréimhse seo ach go deireadh na míosa, ach le cinntiú gur féidir linn filleadh a luaithe agus is féidir caithfimid uile na treoracha sláinte náisiúnta a leanúint. Is nuair a thiteann na huimhreach laethúla a thosnóidh na daltaí ag filleadh orainn.

As you have all heard by now, the reopening of the school has been postponed until the end of the month. While this is a pity, we must continue our work as best we can online, until we are allowed to welcome the children back. To this end, the teachers have left out all the books that will be needed in the Oifig for anyone who did not get the chance to collect them last Friday. They can be collected from the oifig today (Monday) or tomorrow (Tuesday) between 9am-3pm.

The children are all used to the remote learning now and they should all have Seesaw or Google Classroom accounts. If there are any difficulties with these accounts, passwords etc, please send a message to your múinteoir and we will sort out any problems. We recognise that the remote learning is challenging for the children (and the parents) but we recommend that you do as much as you can each day. That said, we understand that some of you have more than one student at home sharing devices and resources and so we remind you that you can do no more than your best.

We hope this period will not extend beyond the end of the month, but to ensure that we can return as soon as possible we must all follow the public health guidelines.

Meith
12 2023
Traenáil Foirne - Scoil Dúnta - Staff Training
14-Bealt-2023
Tá seachtain na rothar buailte linn arís agus leis an feabhas san aimsir le déanaí, is deis iontach í na daltaí ar fad a spreagadh le teacht ar scoil ar rothair gach lá. Beidh Garda Pobail ag tabhairt cuairte orainn ar an Aoine beag seo ...
31-Már-2023
Tháinig coiníní Cásca chugainn aréir a bhuí le tuistí daltaí i rang 1 agus naíonáin mhóra, agus bhí ríméid ar na páistí ar fad an coinín seacláide a fháil roimh dul abhaile inniu dóibh. Ár mbuíochas le Mars Ireland agus tuistí Chloe agus Evan as uch
15-Már-2023
Táimid ag súil go mór leis an gceiliúradh ar an Aoine agus tá súil againn go mbainfidh sibh uile sult as an lá. Feicfimid gach duine ar ais ar scoil ar an Luan!
09-Már-2023
Tar éis dhá bhliain iomlán ina tost, tá ceolteoirí, aisteoirí, seinnteoirí agus cainteoirí an Inbhir Mhóir ina bheathaigh arís le filleadh na Féile ar scoileanna an bhaile agus an cheantair maguaird. Mar ba ghnách linn i gcónaí ...
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2023 Gaelscoil an Inbhir Mhóir