Céimniú - Rang 6 - Graduation

Tá socraithe déanta ar deireadh don oíche chéimnithe dár ndaltaí Rang 6.  Mar is eol daoibh uile, bhíomar ag súil le go mbeadh muid ábalta an chéimniú traidisiúnta a chur ar siúl ag deireadh Mí Lúnasa agus tá áthas orainn a ...
25-Iúil-20
Céimniú - Rang 6 - Graduation

Tá socraithe déanta ar deireadh don oíche chéimnithe dár ndaltaí Rang 6. Mar is eol daoibh uile, bhíomar ag súil le go mbeadh muid ábalta an chéimniú traidisiúnta a chur ar siúl ag deireadh Mí Lúnasa agus tá ríméad mar sin orainn a fhógairt anois go mbeimid in ann fáiltiú roimh Rang 6 agus a dtuistí arís uair amháin eile chun slán ceart a fhágáil leis an dá rang iontacha seo.

Níl cinnteacht fós faraor faoin slua go bhféadfaí a bhailiú laistigh i gceann míosa eile, agus mar sin tá cinneadh déanta an ócáid a cheiliúradh ar shuíomh na scoile agus tá puball mór faighte againn gur féidir a úsáid an oíche a reáchtáil lasmuigh, beag beann ar an aimsir.

Is é an Aoine 21 Lúnasa an oíche atá roghnaithe againn, agus táimid fíorbhuíoch as Arklow United an spás a thabhairt dúinn ocht mbliana éachtacha na ranganna seo a chomóradh.

Dar ndóigh, beidh orainn bheith airdeallach ar an gcomhairle sláinte a bheidh i bhfeidhm ag an am, ach os rud é gur lasmuigh faoin aer a bheidh an ócáid anois, táimid chomh cinnte agus gur féidir gur ar an oíche sin a dhéanfar é. Sábhálaigí an dáta.

Seolfar breis eolais níos cóngaraí don lá, ach idir an dá linn, bainigí taitneamh as na seachtainí atá fágtha agus tá súil againn gach duine a fheiceáil ar ais linn ar an oíche.

Arrangements have finally been made for our Rang 6 pupils' graduation night. As you are aware, we really wanted to be able to hold the traditional graduation cermony at the end of August and so we are delighted to announce that we will be inviting Rang 6 and their parents back one more time to give these two wonderful classes a proper send off.

There is unfortunately still no clarity yet on the numbers that would be allowed to attend an indoor event in a month's time and so we have therefore decided to celebrate the occasion on the school grounds and we have arranged for a large marquee so that we can hold the event outdoors, regardless of the weather.

Friday the 21st August is the date we have chosen and we are extremely grateful to Arklow United for providing the grounds to us to mark the eight special years these pupils have spent with us.

We will of course have to be mindful of whatever public health advice is in force at that time, but since it will now be an outdoor event, we are as certain as we can be that that is the night the graduation will be held. Save the date!

Further information will be sent closer to the day, but in the meantime, we hope you enjoy the holidays and we hope to see you all back on the night.

No events found
12-M.Fómh-2020
Tá fógraí crochta ag an gclub ag rá nach bhfuil cead madraí a bheith ar shuíomh na scoile ar bhonn sláinte agus sábháilteachta. Dár ndóigh is eisceacht iad madraí cúnta. Ba mhór linn bhur gcomhoibriú maidir le seo.
09-M.Fómh-2020
I ndiaidh an tréimhse fada a chaitheamar uile sa bhaile, ba bhreá an rud dúinn filleadh chun scoile an tseachtain seo caite, agus measaimid gur sona sásta atá gach duine bheith ar ais. Is aoibhinn linn spraoi na bpáistí a ...
18-Lún-2020
Comhghairdeas le na daltaí i Rang 5 agus Rang 6 a rinne an Chóineartú le linn na seachtaine. Bhí 5 searmanas ar fad chun gach duine a dhéanamh agus bhí gach ceann acu go hálainn ar fad. Bhí an aimsir fiú go hálainn agus tá ...
14-Lún-2020
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil na socraithe faoi lán seoil anois don oíche mhór ar an Aoine seo chugainn agus táimid ag tnúth go mór ar ndaltaí Rang 6 a fheiceáil chun a mblianta linn a cheiliúradh. Dar ndóigh beidh an ...
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2020 Gaelscoil an Inbhir Mhóir