Bailiú Leabhair Scoile - 08.01.21 - School Books Collection

Tá orainn filleadh ar an gcianfhoghlaim don mhí seo.  Mar sin, tá na múinteoirí i ndiaidh na leabhair a bheidh ag teastáil ó na daltaí a fhágáil amach sna seomraí ranga agus ba chóir daoibh teacht isteach amárach (Aoine 8 Eanáir)
07-Eanáir-21
Bailiú Leabhair Scoile - 08.01.21 - School Books Collection

Tá súil againn go raibh Nollaig suaimhneach sona agaibh uile, ach faraor, tá cúinsí sláinte na tíre imithe in olcas. De bharr seo caithfimid filleadh ar an gcianfhoghlaim don mhí seo. Mar sin, tá na múinteoirí i ndiaidh na leabhair a bheidh ag teastáil ó na daltaí a fhágáil amach sna seomraí ranga agus ba chóir daoibh teacht isteach amárach (Aoine 8 Eanáir) chun iad a bhailiú.

Iarraimid oraibh dul díreach go rang do pháistí agus na leabhair a bhailiú agus gan bheith ag bailiú nó ag labhairt lena chéile. Ní bheidh na múinteoirí ranga i láthair agus mar sin má tá ceist ar bith agaibh, seol r-phost chucu agus freagrófar mar sin sibh.

Clóigí le bhur dtoil leis an amchlár thíos ionas nach mbeidh slua mór bailithe ar an suíomh le chéile, agus le bhur dtoil ná bíodh na páistí libh.

Beidh bhur múinteoirí i dteagmháil libh chun socraithe don tseachtain seo chugainn a mhíniú. Tá na cuntais Seesaw agus Google Classroom ann do chuile dalta anois agus taithí acu ar iad a úsáid. Tá súil againn nach mairfidh an tréimhse cianfhoghlama rófhada agus táimid ag tnúth go mór na daltaí a fheiceáil ar ais linn a luaithe agus is féidir.

Rang 6 & Rang 5. 11:00-12:00
Rang 4 & Rang 3. 12:00-13:00
Rang 2 & Rang 1. 13:00-14:00
Naíonáin Mhóra & Bheaga. 14:00-15:00

We hope that you all enjoyed a peaceful and pleasant Christmas, but unfortunately the health situation nationally has deteriorated, For this reason, we are having to reintroduce the distance learning for the coming month. In preparation for this, the teachers have left out the children's books and you should come to the school tomorrow (Friday 8th January) to collect them.

We ask you to go directly to your children's classes and collect their books and not to remain on the site any longer than necessary. The class teachers will not be present tomorrow and so if you have any questions, send them an email and they will help you that way.

Please adhere to the timetable above so that lots of people won't be gathered at the same time together, and please remember not to bring the children with you.

Your teachers will be in contact to outline the arrangements for next week. All of the pupils have Seesaw or Google Classroom accounts and have experience using them for schoolwork. We hope that this distance learning period will not go on for too long and we look forward to having all the children back with us as soon as possible.

Bealt
13 2021
Trialacha Caighdeánaithe - Gaeilge - Rang 1
Bealt
18 2021
Trialacha Caighdeánaithe - Béarla - Rang 6, 4 & 3
Bealt
19 2021
Trialacha Caighdeánaithe - Litriú - Rang 6 & 4
Bealt
20 2021
Trialacha Caighdeánaithe - Gaeilge - Rang 5 & 2
Bealt
25 2021
Trialacha Caighdeánaithe - Béarla - Rang 5 & 2
16-Már-2021
Tá Kids Cook tar éis físeán as Gaeilge a dhéanamh (anseo) do Lá Fhéile Pádraig.  B'fhéidir go dtaitneodh sé libh tabhairt faoi amárach le na páistí le snas a chur ar a nGaeilge agus blas a chur ar a mbéala.  Go mbaine sibh ...
15-Feabh-2021
Ná dearmad go bhfuil seachtain ghearr i gceist an tseachtain seo. Níl aon scoil ar an Déardaoin nó ar an Aoine seo chun sos beag a thabhairt do na daltaí, a dtuistí agus an fhoireann. Beimid ar ais mar is gnáth ar an ...
10-Feabh-2021
Tá an tréimhse dianghlasála seo ag maireachtáil níos faide anois ná mar a bhíomar ag súil leis faraor, agus is cosúil nach mbeidh formhór na daltaí ar ais ar shuíomh na scoile linn go gceann roinnt seachtainí eile.  Mar sin, ...
09-Feabh-2021
Tá féith na fichille láidir sa scoil seo againne agus roinnt ranganna a imríonn go rialta i measc a chéile agus beidh comórtais idirscoile ar siúl arís amach anseo, nuair atá an víreas seo curtha dínn. Idir an dá linn, ...
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2021 Gaelscoil an Inbhir Mhóir