Acadamh AGB Academy

Tá nasc láidir leis an scoil le clubanna spóirt an bhaile agus le hAGB ach go háirithe le roinnt dár n-iardhaltaí i ndiaidh aitheantas contae agus idirchontae a bhaint amach leo.  Tosóidh forbairt ar réaltaí an todhchaí an mhí seo le hAcadamh AGB do pháistí aois 4-6.  Tá na sonraí le feiceáil ar an íomhá thíos.  B'fhéidir go bhuil peileadóirí iomráiteacha, ar nós imreoirí an chontae Darragh Fitzgerald agus Andy Maher ...
15-Feabhra-22

Tá nasc láidir leis an scoil le clubanna spóirt an bhaile agus le hAGB ach go háirithe le roinnt dár n-iardhaltaí i ndiaidh aitheantas contae agus idirchontae a bhaint amach leo. Tosóidh forbairt ar réaltaí an todhchaí an mhí seo le hAcadamh AGB do pháistí aois 4-6. Tá na sonraí le feiceáil ar an íomhá thíos. B'fhéidir go bhuil peileadóirí iomráiteacha, ar nós imreoirí an chontae Darragh Fitzgerald agus Andy Maher a thosaigh anseo sa Ghaelscoil linn, i measc ár ndaltaí óga anois - seol ar aghaidh chuig AGB an mhí seo iad agus gheobhaimid amach!

AcadamhAGB.jpg

We enjoy strong links with all the sports clubs in the town and with AGB in particular, with may of our past pupils having achieved recognition at both county and intercounty level with the club. The stars of the future can start their journey this month with the AGB Academy for children aged 4-6. The details can be seen on the image above. Perhaps we have renowned players like county footballers Darragh Fitzgerald and Andy Maher here in our midst in the Gaelscoil - send them on to the Academy this month and we will find out!

Noll
21 2022
Saoire na Nollag
Feabh
06 2023
Lá Saoire Poiblí
Feabh
13 2023
Briseadh Meán Téarma
Már
16 2023
Saoire Lá 'le Pádraig
Már
31 2023
Saoire na Cásca (Leathlá)
10-Samh-2022
Tá cumann áitiúil - East Coast Roosters Motorcycle Club - ag eagrú bailiúchán arís i mbliana dóibhsean gan dídean i scoileanna an bhaile agus táimid sásta tacú lena n-iarrachtaí. Chuige sin beidh bosca mór bruscar curtha in oifig na scoile ón Luan se
26-D.Fómh-2022
Rinne Bord Bainsitíochta na scoile athbhreithniú aréir ar pholasaí agus ar ráiteas chonsanta leanaí agus ar ráiteas agus measúnú riosca um chumhdach leanaí na scoile agus tá na leaganacha reatha le feiceáil anois ar shuíomh na scoile anseo.
03-D.Fómh-2022
Tá tús curtha arís le séasúr peile na bliana faoi stiúr Cumann na mBunscol i gCill Mhantáin. Táimid ag súil mar sin le roinnt blitzeanna a bheith eagraithe do bhuachaillí agus cailíní na hardranganna sna míonna amach romhainn.
27-M.Fómh-2022
Tá éacht déanta arís ag daltaí na Gaelscoile i gcomórtais tras-tíre in Abhainn Dála inné.  Bhí buachaillí agus cailíní ó Rang 3 go Rang 6 ag rith i rásanna sealaíochta i gcoinne scoileanna eile an chontae.  Bhí os cionn 20 foireann ag rith ...
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2022 Gaelscoil an Inbhir Mhóir