Naionain-Bheaga

19-Samh-2020
Sheol tuismitheoir teach súgartha isteach chugainn an tseachtain seo do na naíonáin bheaga agus táimid fíorbhuíoch díobh dá bharr. Chabhraigh Rang 5 linn é a chur le chéile agus tá cuma breá anois air. Maith sibh Rang 5.
11-Samh-2020
Agus an aimsir imithe in olcas tá breis Hoodies Scoile orduithe againn agus táimid chun iad a dhíol an tseachtain seo. Tá cead na Hoodies seo a chaitheamh gach lá agus leis an fuinneoga agus doirse coimeádta ar oscailt ...
16-D.Fómh-2020
Tá sé am anois a bheith ag smaoineamh ar cheiliúradh Oíche Shamhna san am aisteach ina mairimid faoi láthair. Dar ndóigh ní féidir leanúint le na gnáth-nósanna a bhí againn le blianta, ach mar sin féin, measaimid go bhfuil sé ...
09-D.Fómh-2020
Tá na cruinnithe tuistí / múinteoirí ar fáil anois ar Aladdin Connect más mian le tuistí am a oireann dóibh féin a chur in áirithe. Faraor, beidh athrú i mbliana de bharr an Covid-19. Ní bheimid in ann na cruinnithe seo a ...
12-M.Fómh-2020
Tá fógraí crochta ag an gclub ag rá nach bhfuil cead madraí a bheith ar shuíomh na scoile ar bhonn sláinte agus sábháilteachta. Dár ndóigh is eisceacht iad madraí cúnta. Ba mhór linn bhur gcomhoibriú maidir le seo.
09-M.Fómh-2020
I ndiaidh an tréimhse fada a chaitheamar uile sa bhaile, ba bhreá an rud dúinn filleadh chun scoile an tseachtain seo caite, agus measaimid gur sona sásta atá gach duine bheith ar ais. Is aoibhinn linn spraoi na bpáistí a ...
13-Lún-2020
Beidh suíomh na scoile ar oscailt ar an gCéadaoin seo chugainn ó meánlae go dtí 16:00 más mian libh teacht chun na Hoodies scoile nua a cheannacht don bhliain nua. Tá an réimse iomlán toisí againn a oireadh do gach dalta ...
30-Meith-2020
Inniu an lá deireanach agus críochnaímid go hoifigiúil ar a 12:15.  Is cúis lúcháir agus ceiliúrtha é an lá seo de ghnáth agus bíonn idir áthas agus brón orainn chuile bhliain slán a fhágáil le Rang 6.  Faraor, i mbliana ní ...
25-Meith-2020
Ná dearmad gur amárach (Aoine 26 Meitheamh) an deis dheireanach agaibh maoin na ndaltaí a bhailiú ón scoil (leabhair, ealaíon, cótaí srl) agus leabhair leabharlainne nó scoile a thabhairt ar ais chugainn. Faraor, beidh orainn ...
22-Meith-2020
De ghnáth, is é an lá spóirt ceann de bhuaicphointí na bliana sa Ghaelscoil agus is ceann de na laethanta é ina fheicimid pobal uile na scoile idir daltaí, múinteoirí agus tuistí le chéile ar shuíomh na scoile ag moladh agus ag ..
18-Meith-2020
Tá deireadh na bliana seo ag druidim linn agus mar sin táimid ag díriú ár n-aird ar ullmhúcháin don bhliain romhainn. Tá leabhairlíostaí na bliana seo chugainn ar fáil ar an suíomh idirlíne anseo. Cuirfear cóipeanna de na ...
18-Már-2020
Mar is eol daoibh, tá baol anois ann go mbeimid dúnta ar feadh tréimhse níos faide ná an choicís a bhí fógartha roimhe seo.  Cé nach féidir bheith cinnte cá fhad a mhairfidh an tréimhse, tá an fhoireann ar fad anseo aontaithe ...
02-Már-2020
Táimid i ndiaidh comhairle a fháil ó na húdaráis sláinte i dtaobh an choróinvíreas agus tá leathanach eolais curtha ar an suíomh idirlíne anseo chun gach eolas a roinnt libh fad is atá an coróinvíreas mar fhadhb sa tír.
06-Feabh-2020
Tá an rugbaí ar ais anois agus tá feachtas fógraíochta Aldí ar siúl arís freisin. Tá M.Tracey ag bailiú na greamóga ar fad agus tá dhá phictiúr iomlán le líonadh - sin sé chéad greamóg ar fad. Má tá na greamóga sin agaibh sa ...
19-Noll-2019
Tá méid beag daoibh seo fágtha sa scoil agus beidh siad ar díol ó oifig na scoile. €5 an ceann más mian le héinne bronntanas beag sa bhreis a cheannacht.
12-Noll-2019
Beidh cuairteoir speisialta ag teacht ar an Mháirt seo chugainn chun labhairt le na páistí agus chun a chinntiú go bhfuil gach duine ar an liosta ceart. Mar is gnáth dúinn, cuirfimid Léiriú Carúil Nollag ar siúl i gclós ...
Noll
22 2020
Saoire na Nollag
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2020 Gaelscoil an Inbhir Mhóir