Nuacht

22-D.Fómh-2021
Rinne Bord Bainsitíochta na scoile athbhreithniú an tseachtain seo ar pholasaí agus ar ráiteas chonsanta leanaí agus ar ráiteas um chumhdach leanaí na scoile agus tá na leaganacha reatha le feiceáil anois ar shuíomh na scoile ...
03-M.Fómh-2021
Beidh Sinéad Riley ag filleadh orainn ag deireadh na míosa seo nuair a cheadaíonn an Roinn ranganna iarscoile a eagrú arís chun na ranganna drámaíochta a dhéanamh arís do Ranganna 3 - 6.  Seo thíos an nóta a sheol Sinéad ...
23-Lún-2021
Beidh suíomh na scoile ar oscailt ar Dé Luan 30 Lúnasa ó meánlae go dtí 16:00 más mian libh teacht chun Hoodies scoile a cheannacht don bhliain nua. Tá an réimse iomlán toisí againn a oireadh do gach dalta.
26-Iúil-2021
Seo chugaibh nuachtlitir na bliana. Ár mbuíochas le M.Pól ach go háirithe é seo a chur le chéile. Go mbaine sibh uile sult as agus as na laethanta saoire.
29-Meith-2021
Tá deireadh na bliana sroichte againn ar deireadh agus cad é mar bhliain a bhí ann. Bhí lá breá gréine inniu againn agus píotsa agus uachtar reoite ann chun na daltaí agus na múinteoirí a choimeád sásta. Beidh leath lá amárach
13-Meith-2021
Ní raibh an aimsir rómhaith an tseachtain seo caite agus ar deireadh ní rabhamar in ann ach Lá Spóirt a chur ar siúl ach do leath na scoile.  Mar sin, tá an leath eile le déanamh amárach, mar is cosúil go mbeidh an aimsir go ...
26-Bealt-2021
Rinne an Ghaelscoil ceiliúradh ar Lá na hAfraice inné agus bhí roinnt ranganna ag déanamh oibre ealaíne, rince agus tionscnaimh chun foghlaim faoi chultúir iléagsúlacha na hAfraice. Seo thíos roinnt samplaí den méid atá déanta.
24-Bealt-2021
Tá cúrsa nua Gaeilge molta ag an NCCA don Ardteist agus tá seisiún ar-líne eagraithe acu chun deis a thabhairt do thuismitheoirí é a phlé leo. Tá na sonraí ar fad ar fáil ar an íomhá thíos.
16-Már-2021
Tá Kids Cook tar éis físeán as Gaeilge a dhéanamh (anseo) do Lá Fhéile Pádraig.  B'fhéidir go dtaitneodh sé libh tabhairt faoi amárach le na páistí le snas a chur ar a nGaeilge agus blas a chur ar a mbéala.  Go mbaine sibh ...
15-Feabh-2021
Ná dearmad go bhfuil seachtain ghearr i gceist an tseachtain seo. Níl aon scoil ar an Déardaoin nó ar an Aoine seo chun sos beag a thabhairt do na daltaí, a dtuistí agus an fhoireann. Beimid ar ais mar is gnáth ar an ...
10-Feabh-2021
Tá an tréimhse dianghlasála seo ag maireachtáil níos faide anois ná mar a bhíomar ag súil leis faraor, agus is cosúil nach mbeidh formhór na daltaí ar ais ar shuíomh na scoile linn go gceann roinnt seachtainí eile.  Mar sin, ...
09-Feabh-2021
Tá féith na fichille láidir sa scoil seo againne agus roinnt ranganna a imríonn go rialta i measc a chéile agus beidh comórtais idirscoile ar siúl arís amach anseo, nuair atá an víreas seo curtha dínn. Idir an dá linn, ...
03-Feabh-2021
Tá Ionad Sláinte san Inbhear Mór i ndiaidh a chur in iúl dúinn go bhfuil clinic ar-líne ar siúl acu ar an Déardaoin deireanach gach mhí (Eanáir - Bealtaine 2021) chun deis a thabhairt daoibh aon ábhair imní atá agaibh i leith ...
28-Ean-2021
Tá obair den scoth ar siúl fud fad na scoile ach i rang 4 na laethanta seo tá na daltaí i mbun oibre ar thionscnaimh ranga ar na Cluichí Oilimpeacha. Tá samplaí thíos d'obair Eoghain agus Lola le sár-iarrachtaí an ranga a léiriú.
No events found
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2021 Gaelscoil an Inbhir Mhóir