Deireadh na Scoilbliana

Inniu an lá deireanach agus críochnaímid go hoifigiúil ar a 12:15.  Is cúis lúcháir agus ceiliúrtha é an lá seo de ghnáth agus bíonn idir áthas agus brón orainn chuile bhliain slán a fhágáil le Rang 6.  Faraor, i mbliana ní ...
30-Meitheamh-20
Deireadh na Scoilbliana

Inniu an lá deireanach agus críochnaímid go hoifigiúil ar a 12:15. Is cúis lúcháir agus ceiliúrtha é an lá seo de ghnáth agus bíonn idir áthas agus brón orainn chuile bhliain slán a fhágáil le Rang 6. Faraor, i mbliana ní bheidh deis ag pobal na scoile iad a sheoladh ar aghaidh le beannachtaí agus comhgharideachas na scoile ach táimid cinnte go nguíonn gach duine idir múinteoirí, tuistí agus comhscoláirí gach rath orthu agus iad ag tabhairt faoin chéad céim eile ar bhóthar na foghlama.

Is cosúil go mbeidh na scoileanna ar fad ar ais mar is gnáth i Meán Fómhair, agus tá féilire na scoilbliana romhainn ar fáil anseo. Nuair a thagann treoracha oifigiúla ón Roinn Oideachais, roinnfimid libh iad.

Tá Hoodies nua scoile ordaithe againn agus tá sé ar intinn againn iad a dhíol ar lá i lá Mí Lúnana sa scoil, ach seolfar nóta faoi sin nuair atá na socraithe déanta againn.

Níl fágtha anois ach saoire sona Samhraidh a ghuí oraibh. Feicfimid arís sibh san Fhómhar.

Today is the last day and we officially finish at 12:15. It is usually a day of great joy and celebration as we always gather to wish our graduating Rang 6 all the best as they leave us for the last time. Unfortunately, this year the whole school community will not get the opportunity to send them on their way with the congratulations and best wishes of the school ringing in their ears, be we are sure that everyone, from teachers, parents and fellow pupils wishes them the best of luck as the take the next step on their educational journey.

It seems as if the schools will all be reopening as normal in September and the school calendar for the coming year is available here.

We have ordered more school Hoodies and we intend to have a big sale in the school some day in August, but we will let everyone know exactly when, once the arrangements are finalised.

There is nothing left to do now but to wish you all a happy and healthy Summer and we look forward to seeing you all in the autumn.

No events found
11-Ean-2021
Fé mar atá cloiste agaibh anois, tá athoscailt na scoile curtha siar go deireadh na míosa ar a laghad. Cé gur trua é seo, caithfimid leanúint leis an obair ar-líne go dtí go ndeirtear go bhfuil cead againn na páistí a fháiltiú ...
07-Ean-2021
Tá orainn filleadh ar an gcianfhoghlaim don mhí seo.  Mar sin, tá na múinteoirí i ndiaidh na leabhair a bheidh ag teastáil ó na daltaí a fhágáil amach sna seomraí ranga agus ba chóir daoibh teacht isteach amárach (Aoine 8 Eanáir)
17-Noll-2020
Beidh Daidí na Nollag ag tabhairt cuairte orainn maidin amárach idir 10:00 agus 11:30. De bharr na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair ní bheidh sé i láthair ar shuíomh na scoile ach beidh sé linn go fíorúil ar Zoom. Tá cead ...
16-Noll-2020
Tá Coiste na Nollag san Inbhear Mór ag eagrú Lorg na Nollag sa bhaile chun an séasúr draíochtúil a cheiliúradh. D'fhéadfadh tuistí lá spraíúil a chaitheamh timpeall an baile agus tá duaiseanna le buachaint gach lá. Tá comórtas
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2021 Gaelscoil an Inbhir Mhóir