Deireadh na Bliana - Tús Saoire

Tá deireadh na bliana sroichte againn ar deireadh agus cad é mar bhliain a bhí ann. Bhí lá breá gréine inniu againn agus píotsa agus uachtar reoite ann chun na daltaí agus na múinteoirí a choimeád sásta. Beidh leath lá amárach
29-Meitheamh-21
Deireadh na Bliana - Tús Saoire

Tá deireadh na bliana sroichte againn ar deireadh agus cad é mar bhliain a bhí ann! Bhí lá breá gréine inniu againn agus píotsa agus uachtar reoite ann chun na daltaí agus na múinteoirí a choimeád sásta. Beidh leath lá amárach againn agus beidh cead ag na daltaí a éadaí féin a chaitheamh.

Beidh na naíonáin ag dul abhaile ar 12:00 agus ansin beidh an scoil ag fágáil slán le Rang 6 ar an astró ó 12:05 - 12:15. Faraor ní bheidh cead ag na tuistí ar fad a bheith i láthair ach déanfar físeán den ócáid gur féidir libh breathnú air ar ball.

Beidh na páistí ar fad ag dul abhaile ar 12:15 mar sin, ach fanfaidh na páistí atá ag dul ar an bus go dtí 12:30 chun deis a thabhairt don trácht glanadh.

Tá súil againn go mbainfidh sibh uile taitneamh as na laethanta fada saoire romhainn agus feicfimid ar ais arís sibh ar an 31 Lúnasa.

20210629_135953.jpg

We've finally reached the end of the year and what a year it was! We've enjoyed a wonderful sunny day today with pizza and uachtar reoite to keep múinteoirí and páistí alike happy to the very end. We have a half day tomorrow and the daltaí can wear their own clothes for the day that's in it.

The naíonáin will be going home at 12:00 and then the remainder of the school will bid a final farewell to Rang 6 on the astró from 12:05 - 12:15. Unfortunately parents will not be allowed to attend but we will video proceedings so that people can see it again later.

Everyone else will be going home at 12:15 then, but any children on the bus will wait till 12:30 to give a chance for the traffic to clear.

We hope you all enjoy the long hot summer ahead of us and we will see you all back on the 31st August.

D.Fómh
30 2023
Briseadh meán-téarma na Samhna
Noll
22 2023
Saoire na Nollag
Feabh
05 2024
Saoire Lá 'le Bríde
Feabh
15 2024
Saoire Lá 'le Pádraig
20-M.Fómh-2023
Rinne Bord Bainsitíochta na scoile athbhreithniú aréir ar pholasaí agus ar ráiteas chonsanta leanaí agus ar ráiteas agus measúnú riosca um chumhdach leanaí na scoile agus tá na leaganacha reatha le feiceáil anois ar shuíomh na scoile ...
30-Meith-2023
Seo thíos nuachtlitir na bliana ag cur síos ar na himeachtaí ar fad a rinne na ranganna éagsúla i rith na bliana. Tá súil againn gur bhain na daltaí an oiread céanna taitneamh astu is ar bhain an fhoireann. Ár mbuíochas le M.Aoife as ucht an nuacht
29-Meith-2023
Tá deireadh na bliana sroichte againn ar deireadh agus ba bhliain iontach í. Beidh leath lá amárach againn agus beidh cead ag na daltaí a éadaí féin a chaitheamh.
28-Meith-2023
Bhí lá iontach ag an sorcas inniu againn agus bhain an scoil ar fad an-sult as an seó. Táimid thar a bheith buíoch as Colm agus n fhoireann ar fad i Sorcas Gerbola as a dtaispeántas draíochtúil, spraíúil, beomhar agus ceolmhar.
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2023 Gaelscoil an Inbhir Mhóir