Bailiú Leabhair Scoile - 12.02.21 - School Books Collection

Tá an tréimhse dianghlasála seo ag maireachtáil níos faide anois ná mar a bhíomar ag súil leis faraor, agus is cosúil nach mbeidh formhór na daltaí ar ais ar shuíomh na scoile linn go gceann roinnt seachtainí eile.  Mar sin, ...
10-Feabhra-21
Bailiú Leabhair Scoile - 12.02.21 - School Books Collection

Tá an tréimhse dianghlasála seo ag maireachtáil níos faide anois ná mar a bhíomar ag súil leis faraor, agus is cosúil nach mbeidh formhór na daltaí ar ais ar shuíomh na scoile linn go gceann roinnt seachtainí eile. Mar sin, ba mhaith le roinnt múinteoirí leabhair, bileoga oibre sa bhreis a sheoladh abhaile agus freisin deis a thabhairt daoibh leabhair leabharlainne, úrscéalta srl a fhágáil ar ais má tá sibh críochnaithe leo.

Tá na múinteoirí i ndiaidh na hábhair a fhágáil amach sna seomraí ranga daoibh agus beidh an scoil ar oscailt ar an Aoine seo (12 Feabhra) ar na hamanna thíos chun an bailiúchán seo a chur i gcrích.

Seolfaidh do mhúinteoir ranga nóta chugat ar ball má tá treoracha ar leith acu daoibh ach má tá sibh ag fágáil leabhair leabharlainne ar ais, cuir nóta beag le hainm an pháiste air laistigh den chlúdach ionas go mbeidh a fhios againn cé go díreach a sheol leabhair ar ais.

Iarraimid oraibh dul díreach go rang do pháistí agus na leabhair a bhailiú agus gan bheith ag bailiú nó ag labhairt lena chéile. Ní bheidh na múinteoirí ranga i láthair agus mar sin má tá ceist ar bith agaibh, seol r-phost chucu agus freagrófar mar sin sibh.

Clóigí le bhur dtoil leis an amchlár thíos ionas nach mbeidh slua mór bailithe ar an suíomh le chéile, agus le bhur dtoil ná bíodh na páistí libh.

Rang 6 & Rang 5. 11:00-12:00
Rang 4 & Rang 3. 12:00-13:00
Rang 2 & Rang 1. 13:00-14:00
Naíonáin Mhóra & Bheaga. 14:00-15:00

This lockdown period is lasting much longer than we had hoped for unfortunately, and it now seems that the vast majority of our students will not be back on the school site for a number of weeks yet. Therefore, many of the múinteoirí would like to send home more books, worksheets or other materials and also to give you a chance to return library books, class novels etc to us if you have finished with them.

The múinteoirí have left out the relevant materials in the classrooms for collection and the school will be opened this Friday (12th February) at the times above to allow this to occur.

Your múinteoir will send a note later if they have particular instructions for you, but if you are leaving back library books to us, please leave a note on the inside cover with the name of the child, so that we will know who exactly returned each book.

We ask you to go directly to your children's classes and collect their books and not to remain on the site any longer than necessary. The class teachers will not be present on Friday and so if you have any questions, send them an email and they will help you that way.

Please adhere to the timetable above so that lots of people won't be gathered at the same time together, and please remember not to bring the children with you.

Már
31 2023
Saoire na Cásca (Leathlá)
Bealt
01 2023
Lá Saoire Poiblí (Lá Buí Bealtaine)
Meith
05 2023
Lá Saoire Poiblí
15-Már-2023
Táimid ag súil go mór leis an gceiliúradh ar an Aoine agus tá súil againn go mbainfidh sibh uile sult as an lá. Feicfimid gach duine ar ais ar scoil ar an Luan!
09-Már-2023
Tar éis dhá bhliain iomlán ina tost, tá ceolteoirí, aisteoirí, seinnteoirí agus cainteoirí an Inbhir Mhóir ina bheathaigh arís le filleadh na Féile ar scoileanna an bhaile agus an cheantair maguaird. Mar ba ghnách linn i gcónaí ...
28-Feabh-2023
Bhí lá rathúil eile ag foireann lúthchleasaíochta na scoile in Abhainn Dála agus d'éirigh leo roinn boinn a bhreith leo. Bhain an fhoireann ar fad an-taitneamh as an iomaíocht agus tá siad uilig ag tnúth go mór leis an gcéad lá eile i Mí Bealtaine.
08-Noll-2022
Roinnt blianta ó shin bhuaigh Rang dár gcuid an duais i gcomórtas Junior Entrepreneur Programme (JEP) le dearadh cluiche boird - Mairseáil na Léarscáile. Tá an rang sin imithe ar aghaidh anois ar an mheánscoil cé go raibh roinnt acu ar ais linn le
Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2023 Gaelscoil an Inbhir Mhóir